David Pilkey

Cartúnaí agus údar Meiriceánach

Údar agus maisitheoir Meiriceánach é David Murray "Dav" Pilkey Jr. Tá breis agus seachtó leabhar do pháistí foilsithe aige, ina measc na húrscéalta grafacha mór-ráchairte Dog Man agus Cat Kid Comic Club.

Infotaula de personaDavid Pilkey

(2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Márta 1966
58 bliana d'aois
Cleveland, Ohio Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stáit Kent Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheOileán Bainbridge
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht do pháistí
Gairmscríbhneoir, maisitheoir, scríbhneoir litríocht pháistí, úrscéalaí, cartúnaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm cleiteDav Pilkey
Sue Denim Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSínis agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáirtíCynthia Rylant Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinpilkey.com Cuir in eagar ar Wikidata
Goodreads author: 3

Nuair a bhí sé óg, bhain NHEA agus disléicse do. Bhíodh sé ag cur isteach an oiread sin ar an rang go gcuireadh na múinteoirí amach sa halla é gach lá. Bhí an t-ádh air gur thaitin sé leis pictiúir a tharraingt agus scéalta a chumadh. Chaith sé a chuid ama sa halla ag cruthú a chuid greannán féin - céadeachtraí Dog Man agus an Chaptaein Fobhrístí. Agus é ar an ollscoil, casadh múinteoir air a mhol dó dul ag scríobh agus ag maisiú leabhair do pháistí. Ghlac Dav Leis an gcomhairle sin agus chruthaigh sé a chéad Leabhar, WORLD WAR WON, a bhuaigh comórtas náisiúnta Meiriceánach sa bhliain 1986. Is iomaí Leabhar eile a chruthaigh Pilkey sular bronnadh California Young Reader Medal ar DOG BREATH (1994) agus an Caldecott Honor ar THE PAPERBOY (1996).

In 2002, d'fhoilsigh Dav an chéad úrscéal grafach lánfhada dá chuid do pháistí, dar theideal THE ADVENTURES OF SUPER DIAPER BABY. Luadh é in USA Today agus sa New York Times mar leabhar mórdhíola.

Bíonn Dav ag tarraingt ar a thaithí shaoil féin agus é ag scríobh, agus is minic é ag plé le téamaí uilíocha. Bíonn an cairdeas agus an chomhbhá á gceiliúradh ina shaothar, agus bíonn an lámh in uachtar i gcónaí ag an té a bhfuil dea-chroí aige.

Saol pearsanta

cuir in eagar

Nuair nach mbíonn sé ag cruthú leabhair do pháistí, is breá leis a bheith ag cadhcáil lena bhean in Iar-Thuaisceart Mheiriceá

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • Tá tuilleadh eolais faoi ar Pilkey.com