Disléicse
Is é rud is disléicse ann ná míchumas léite i ndaoine le cumais oiriúnacha intleachtachta is tuisceana agus dóthain deiseanna oideachais, de réir dealraimh. Tugtar ailéicse uirthi freisin.
TréitheCuir in Eagar
Luaitear
- disléicse ó dhúchas le duine a raibh deacracht aige léamh a fhoghlaim.
- disléicse fhaighte le duine a bhíodh in ann léamh ach a chaill an cumas de bharr damáiste dá inchinn.
Is féidir le duine le disléicse dhomhain nó fhóineolaíoch fíorfhocail a léamh, ach bíonn deacracht mhór aige le focail neamhaithnidiúla nó raiméis.
Is féidir le duine le disléicse dhromchlach focail ina bhfuil gnáthchomhfhreagairt idir litriú is fuaimniú a léamh (plough sa Bhéarla, mar shampla), ach ní féidir nuair nach bhfuil an ghnáthchomhfhreagairt ann (tough, mar shampla).
CúiseannaCuir in Eagar
Ní thuigtear cad is bun le disléicse. Is eol go dtarlaíonn míchumais chosúla do bhaill éagsúla den chlann chéanna go coitianta.
OideachasCuir in Eagar
Tá cláir éagsúla oideachais ar fáil chun cabhrú le daoine an ceann is fearr a fháil uirthi.
TagairtíCuir in Eagar
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |