Deadmau5
Rugadh Joel Thomas Zimmerman i Mí Eanáir 1981, agus tá clú air faoina ainm stáitse Deadmau5. Is cumadóir ceoil Progressive House é. Is as Ceanada é. Táirgeann Zimmerman réimse stíleanna as an seánra, agus uaireanta foirmeacha eile de cheol damhsa leictreonach. Sheol sé cúpla albam aonair agus d'oibrigh sé in éineacht le DJanna eile: Kaskade, MC Flipside, Rob Swire, Knife Party, Pendulum, Wolfgang Gartner agus Bighorse ina measc.
(2009) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Joel Thomas Zimmerman 5 Eanáir 1981 43 bliana d'aois Niagara Falls, Ontario |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | deadmau5 TestPilot Halcyon441 Karma K |
Áit chónaithe | Campbellville |
Gníomhaíocht | |
Gairm | feidhmiúchán ceoil, léiritheoir ceirníní, dioscmharcach, cumadóir, ealaíontóir taifeadta |
Tréimhse oibre | 1998 – |
Ball de | |
Seánra | Leictreonaice, progressive house (en) , electro house (en) , ceol tí, progressive trance (en) , tech house (en) , intelligent dance music (en) agus complextro (en) |
Uirlis | Sintéiseoir, méarchlár leictreonach, digital audio workstation (en) agus ríomhchlárú |
Lipéad ceoil | Mau5trap Virgin Records Astralwerks Play Records SongBird Ultra Records Ministry of Sound Parlophone |
Ealaíontóirí gaolmhara | Kaskade: Kx5 (en) |
Suíomh gréasáin | deadmau5.com |
Rugadh Zimmerman i Niagara Falls, Ontario. Tháinig a shinsir ón nGearmáin, Sasana agus ón Eilvéis. Fuair sé a chéad mhéarchlár don Nollaig nuair a bhí sé ina dhéagóir. Thosaigh a ghairm bheatha ag deireadh na fichiú haoise.
Nuair a bhí Zimmerman óg, bhí sé ag caint le cara ar an ríomhaire ach theip ar an rud go tobann agus tháinig boladh aisteach as an ríomhaire. D'éiligh a athair air é a dheisiú. Luigh Zimmerman isteach ar an obair agus thosaigh sé ag baint an ríomhaire as a chéile, ach tháinig sé ar luch marbh. Fuair sé a leasainm ón eachtra sin. Tugtar “Dead” air ó shin ar aghaidh. Níor ghlac an seomra comhrá leis an ainm Dead Mouse agus mar sin bhí ar an Zimmerman an litriú a aistriú go “Deadmau5”. Zimmerman scaoileadh cúig albam stiúideo: "Get Scraped" (2005), "Random Album Title" (2007), "For Lack of a Better Name" (2009), "4x4=12" (2010) agus ">Album Title Goes Here<" (2011) agus le go leor sínglí.
Ar an 1 Bealtaine, 2008, bhuaigh Zimmerman cúpla Gradam Ceoil ó Beatport. Bhí sé ar an ngearrliosta don cheoltóir progress house is fearr.