Gníomh nó sraith de ghníomhartha foirmiúla de réir nóis nó dlí is ea deasghnáth (nó searmanas), go háirithe i gcúrsaí creidimh.[1]

seirbhís sochraide (2010 in Éirinn)

De réir Mater Dei,[2] is gné riachtanach é an deasghnáth do shaol an duine aonair, chomh maith le saol an phobail. Is cumhachtach an meán é chun bunbhrí féiniúlachta an duine a chur in iúl.  An taighde a rinneadh ar éirim an deasghnátha le blianta beaga anuas, cruthaíonn sé gur gné lárnach é sa phróiseas a bhaineann le forbairt, comhtháthú agus cothú an duine daonna agus pobail shóisialta.[2]

Ní mar a chéile deasghnáth agus nósmhaireacht (gnás nó foirmiúlacht).  Tagann deasghnáth i gceist mar chuid dhílis dár saol ag tráthanna éigeandála nó le linn idirthréimhsí inár saol. An nósmhaireacht, áfach, ní chabhraíonn sí linn agus sinn sa tóir ar mhórluachanna agus ar ardaidhmeanna na beatha.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Foclóir Beag: deasghnáth" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-11-19.
  2. 2.0 2.1 2.2 Mater Dei (2007). "Clár 'Briathar'". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-11-20.