Derry O'Sullivan

file Éireannach

File Éireannach atá ina chónaí i bPáras na Fraince is ea Derry O'Sullivan (a rugadh i mBeanntraí i gContae Chorcaí sa bhliain 1944).

Infotaula de personaDerry O'Sullivan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1944
79/80 bliana d'aois
Beanntraí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Pháras Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Saothar cuir in eagar

Tá ceithre bhailiúchán Gaeilge foilsithe aige:

Cá bhfuil do Iudás? (Coiscéim, 1987), bailiúchán a ghnóthaigh ceithre dhuais Oireachtais agus Duais Chuimhneacháin Sheáin Uí Ríordáin;

Cá bhfuil Tiarna Talún l’Univers? (Coiscéim, 1994);

An Lá go dTáinig Siad (Coiscéim, 2005), dán fada faoi shealbhú Naitsíoch Pháras;

An bhfuil cead agam dul amach, más é do thoil é? (Coiscéim, 2009).

Ghlac sé páirt i bhféilte liteartha in Éirinn, sa Fhrainc, sna Stáit agus i gCeanada, agus tá a chuid filíochta le fáil ina lán irisí liteartha agus duanairí.

Aistríodh dánta an tSúilleabhánaigh go Béarla agus go Fraincis. Tá aistriúchán Béarla le fáil in The King’s English (Paris, First Impressions, 1987). I bhFraincis a scríobh sé na dánta a foilsíodh mar En Mal de Fleurs (Québec, Lèvres Urbaines 30 Curtha i gcartlann 2013-01-22 at Archive.today 1988).

Ba é O'Sullivan ba thúisce a d’aistrigh "An Chailleach Béara" (dán de chuid an 10ú haois) go Fraincis, in éineacht le Jean-Yves Bériou and Martine Joulia, mar "Lamentations de la vieille femme de Beare". Foilsíodh é in eagrán dátheangach Gaeilge/Fraincis a cuireadh i cló de láimh (Páras, 1992, 1995) agus a athcheartaíodh i 2006 (Éditions de l'Escampette).

Saol cuir in eagar

Iarshagart é an Súilleabhánach. Is fada pósta é agus triúr clainne aige. Mhúin sé Béarla sa Sorbonne, san Institut Catholique de Paris agus sa Institut Supérieur d’Electronique de Paris. Scrúdaitheoir sinsearach de chuid an Baccalauréat Idirnáisiúnta is ea é. Tá lámh aige ina lán tionscadal agus chuidigh sé leis an Festival Franco-Anglais de Poésie a bhunú.

Chuaigh sé i gcomhar lena lán ealaíontóirí. Tá ealaín Reginald Gray le feiceáil ar chlúdaigh trí cinn dá chuid bailiúchán. I 2010 chuir Kate Van Houten "Ceamara/Camera" (dán Gaeilge/Béarla ar fhreagra é ar dhán le Jean-Max Albert, ‘’La camera sans film’’), i gcló de láimh i bPáras mar eagrán teoranta[1] i 2012 d’fhoilsigh Ateliers Bo Halbirk "Saorganach/En affranchi à faux," dán Fraincis/Gaeilge a mhaisigh Valery Vahey, mar bhoscra lámhchlóite teoranta.[2][3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Estepa Editions" (en). kateplusbooks (2011-02-18). Dáta rochtana: 2023-11-12.
  2. "Atelier Bo Halbirk". bobloggrafik.blogspot.fr. Dáta rochtana: 2023-11-12.
  3. "Graphic Studio Dublin: Artists > Valerie Vahey". web.archive.org (2013-05-11). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-05-11. Dáta rochtana: 2023-11-12.

Naisc sheachtracha cuir in eagar