An Dáréag Oilimpeach
I reiligiún agus i miotaseolaíocht na Sean-Ghréige, is iad an Dáréag Oilimpeach na príomhdhéithe de chuid an Phaintéóin Ghréagaigh, a meastar go coitianta gurb iad Séas, Héire, Poiséadón, Déiméitéir, Aitéiné, Apalló, Artaimís, Airéas, Héafaestas, Afraidíté, Heirméas, agus Heistia nó Dinísias. Tugadh Oilimpigh orthu mar, de réir traidisiúin, bhí cónaí orthu ar Shliabh Oilimpeas.
Cé gur dia mór le rá é Háidéas agus gur deartháir é de chéad ghlúin na nOilimpeach (Séas, Poiséadón, Héire, Déiméitéir agus Heistia), ba í a ríocht ná an domhan thíos, i bhfad ó Shliabh Oilimpeas, agus mar sin de ghnáth níor measadh gur ceann é de na hOilimpigh.
Dá ainneoin sin is uile, níl Poiséadón ina chónaí ar an sliabh go hiondúil, agus tá Háidéas an-tábhachtach i measc na ndéithe cé nach gcuirtear i measc an dáréag é.
Dia Gréagach | Coibhéiseach Rómhánach | Íomhá | Feidhmeanna agus gnéithe |
---|---|---|---|
Séas
Zeús |
Iúpatar
Iuppiter |
Rí na ndéithe, agus dia na spéire agus na haimsire agus cinniúna agus rialach.
Léirítear é mar fhear déanta daingean ríoga a bhfuil féasóg dhorcha air. De ghnáth, bíonn splanc thintrí ina lámh mar airm. Feictear slat ríoga agus iolar leis go minic freisin. | |
Héire
Hḗrā |
Iúnó
Iūnō |
Banríon na ndéithe, agus bandia bhan agus an phósta agus na neimhe.
Léirítear í mar bhean álainn a bhfuil coróin ar a ceann agus slat ríoga ina lámh. De ghnáth, bíonn leon nó cuach nó seabhac lena cois. | |
Poiséadón
Poseidôn |
Neiptiún
Neptūnus |
Dia na farraige agus chreathanna talún agus tuilte agus tromaigh agus capall.
Léirítear é mar fhear déanta daingean a bhfuil féasóg dhorcha air agus trírinn ina lámh. Tiomáineann sé carbad a tharraingíonn dhá each uisce é. | |
Déiméitéir
Dēmḗtēr |
Ceiréas
Cerēs |
Bandia na talmhaíochta agus ghráinní agus aráin.
Léirítear é mar bhean déanta. Is minic atá coróin ar a ceann agus punanna cruithneachta nó corn na bhfuíoll (cornucopia) ina lámha, chomh maith le lóchrann. | |
Atéiné
Athēnâ |
Mineirve
Minerva |
Bandia eagna agus chogaidh agus eachtraí na laochraí agus mhórán ceirdeanna.
Léirítear í mar stáidbhean shleaghach sciathach, a bhfuil uirthi róba fada agus clogad cíorach agus an aegis (aegais; brádóg a bhfuil imeall nathracha agus cealtair uafásach Mheadúsa uirthi). | |
Apalló
Apóllōn |
Apalló
Apollō |
Dia na tairngreachta agus na filíochta agus ceoil agus na boghdóireachta agus leighis agus galar agus cosaint na mbuachaillí.
Léirítear é mar ógfhear dathúil fadfholtach gan féasóg. Is iad a chuid díleas ná bláthfhleasc agus craobh lábhrais agus bogha agus glac shaighead agus bran agus lir. | |
Artaimís
Ártemis |
Diana
Diāna |
Bandia na fiagaíochta agus thalún fhiáin agus ainmhithe fiáine. Ina theannta sin, bhí sí ina bandia thuismidh, agus chosanta cailíní go dtí aois na hinphóstachta (ar an gcuma chéanna a chosnaíonn a leathchúpla dearthár, Apalló, buachaillí). Ba iadsan le chéile a thug do dhaoine bás agus galair go tobann—arís, Artaimis do mhná agus do chailíní, agus Apalló d'fhir agus do bhuachaillí.
Léirítear í mar chailín scafánta a bhfuil bogha agus glac shaighead aici. | |
Áiréas
Árēs |
Mars
Mārs |
Dia cogadh agus ainmhian chatha agus misnigh agus oird shibhialta.
Léirítear é mar fhear déanta féasógach faoi airm agus éide le haghaidh chomhraic nó mar ógfhear nocht gan féasóg agus a bhfuil clogad air agus sleá aige. | |
Afraidíté
Aphrodítē |
Véineas
Venus |
Bandia ghrá agus áille agus shuilt agus choimpeartha.
Léirítear í mar bhean álainn, agus an dia sciathánach Earós léi go minic. Is iad na rudaí a bhfuil baint aici léi ná colm agus úll agus sliogán muirín agus scáthán. | |
Héafaestas
Hḗphaistos |
Bolcán
Vulcānus |
Dia tine agus gaibhne agus ceardaí agus miotalóireachta agus shaoirseacht chloiche agus dealbhóireachta.
Léirítear é mar fhear féasógach a bhfuil casúr agus tlú ina lámh. Amanna, bíonn sé ar muin asail. | |
Heirméas
Hermês |
Mearcair
Mercurius |
Dia tréad agus taistil agus tráchtála agus teangacha agus na lúthchleasaíochta agus eolaíocht agus eolas na réaltaí.
Ba é bolscaire agus teachtaire pearsanta Shéais é. Chomh maith leis sin, bhíodh sé ina theoraí na marbh, ag tabhairt anamacha isteach an domhain thíos. | |
Iad anuasana, agus ceachtar den bheirt thíos | |||
Heistia
Hestía |
Veiste
Vesta |
Bandia an tinteáin agus an bhaile agus thine na híobartha.
Léirítear í mar bhean ag caitheamh féil, agus craobh bhláthach ina lámh amanna. Tá túlán aici mar chomhartha. | |
Dinísias
Diónūsos |
Bacas
Bacchus |
Dia fíona agus fléachais agus buile.
Léirítear é mar sheanfhear féasógach nó mar ógfhear baineanda fodfholtach. Is iad a chomharthaí ná thyrsos (túrsas; slat a bhfuil caor phéine ar a biorr) agus corn óil agus coróin eidhneáin. De ghnáth, bhíodh buíon satairí nó buíon Maenad (a mhóidíní ban fiáine) leis. |
Naisc sheatracha
cuir in eagar- Theoi Project, Olympian Gods achoimrí, scéalta, ealaíon chlasaiceach