Diarmaid mac Éanna mhic Mhurchadha
:Féach freisin Diarmait Mac Murchada, rí Laigean, 1126-1171
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 1117 (Féilire Ghréagóra) Ríocht Duibhlinne |
Ríthe na Laighean | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Rí na Laighean agus Átha Cliath de rítheaghlach Uí Chinnsealaigh ba ea Diarmaid mac Éanna mhic Mhurchadha (Meán-Ghaeilge Diarmait mac Énna meic Murchada (bás 1117). Éanna mac Murchadha ba ea a athair.
Sa bhliain 1115, rug Donnchadh mac Murchadha agus Conchobar Ua Conchobair Failge, leas-ríthe na Laigean,[1] buntáiste as laghdú cumhachta de ríocht na Mumhan faoi cheannas Uí Bhriain, agus rinne ionsaí ar Ath Cliath. Ruaig áfach na hÁth Cliathaigh, i gceannas Domhnall Gearrlámhach Uí Bhriain, an t-ionsaí, agus mharaigh siad Donnchadh agus Conchúr beirt.[2][3]
Ceapadh Diarmaid ansin ina rí Laigean. Go gairid i ndiaidh sin, tháinig sé i gceannas ar Áth Cliath, ach d'éag sé sa bhliain 1117. Tar éis a bhás, ghabh Domhnall Gearrlámhach Áth Cliath ar ais,[4] agus toghadh Éanna mac Donnchadha mhic Mhurchadha, gaol Dhiarmada de chlann Uí Chinnsealaigh, mar rí Laigean.[5]