Ding (gearrscéal)
Gearrscéal leis an scríbhneoir Éireannach Seán Mac Mathúna é 'Ding' a d'fhoilsigh an Comhlucht Oideachais, BÁC sa bhliain 1983 ar dtús, sa chnuasach gearrscéalta Ding agus scéalta eile. Roghnaíodh an gearrscéal mar cheann de ghearrscéalta an chéid sa Ghaeilge sa chnuasach Gearrscéalta an Chéid a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta.
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Seán Mac Mathúna |
Foilseachán | 1983 |
Seánra | gearrscéal |
Creat an scéil
cuir in eagarTosaíonn an scéal agus bean san Aifreann, is téann sí agus fear nó buachaill ag tiomáint. Aithníonn sé marc ar mhuineál s’aici, cuirtear ar shúile na léitheoirí go bhfuil caidreamh foréigeanach idir an bhean seo agus a fear céile. Ansin deirtear linn gur máthair an phríomcharachtair atá i gceist (roimhe seo cheapamar gur chailín dá chuid a bhí inti. Imíonn an insint ar aghaidh de léim ansin is déantar cur síos ar athair Éamoinn agus an dúil atá aige sna crainn. Éiríonn teannas eatarthu nuair a thráchtar ar an máthair.
Dá éis imeacht an athar ag ól deir an mháthair le hÉamonn go bhfuil cara rúin uaithi agus deir sí go bhfuil buairt uirthi go maróidh an t-ól oíche éigin e. Tugann an t-athair léasadh don mháthair arís. Teann mac is máthair ar thuras gluaisteáin is insíonn an mháthar d’Éamonn arís go gceapann sí go maróidh sé féin, is deir Éamonn go maróidh sé féin é.
Ansin éiríonn ina raic eatarthu athuair is tugann an t-athair greadadh dó le ceanrach. Bíonn Éamonn iomlán tógtha lena athair a ghlanadh de dhroim an tsaoil ach ní éiríonn leis go fóilleach. Tagann Éamonn isteach lá agus bíonn a mháthair nocht ina seomra codlata. Ansin téann Éamonn chun na háite a bhfuil an t-athair ag leagan crann. Trí thimpiste dúnann cos an chrainn ar lámh an athar is imíonn Éamonn le fóirithint a fháil. Déanann an mac athmhachnamh ar an gceist is imíonn leis.
Aimsítear corpán an athar ar an leaca mar a raibh sé. Déanann an mháthair an teach a athchóiriú ach tagann amhras uirthi faoi ról Éamoinn i gcás an athair. Dúisítear Éamonn d’aithle sin is feiceann go bhfuil Joe Hassett tar éis luí lena mháthair is go raibh caidreamh rúin ar bun acu le tamall.
Téann Éamonn ar mire ansin is téann faoi dhéin theach an bhainne is aimsíonn stór mór bia roimhe ann, agus na bunriachtanais le go bhféadfadh duine maireachtáil ann. Ag earr an scéil ar fad, labhraíonn duine, ní fios an é Éamonn atá i gceist nó mór-reacaire atá lonnaithe taobh amuigh de, is deir go gceapann sé gur tragóid teilifíse atá sa saol agus go bhfuil dhá shlí leo sin a sheinm. Deir sé gur fearr í a sheinm droim ar ais, mar sa tslí sin go gcríochnaítear ar deá-scéal.
Is féidir tuiscintí áirithe éagsúla a bhaint as an scéal.
Príomheachtra an scéil;
‘Ní foláir nó bhog a chos an crann mar chomh luath is a chuir sé a lámh isteach, dhún béal na scoilte air de phlab is d’fháisc air. Chuala cnámha a láimhe á mbriseadh mar uibheacha is gach aon bhéic as ag gearradh an aeir i mo thimpeall.
‘Sheinn siad orm, léan orthu!’
Alt Deiridh an Scéil
‘Tá sé á thaibhreamh dom nach bhfuil sa saol ach tragóid teilifíse. Tá dhá shlí ann chun tragóid teilifíse a sheinm – ar aghaidh nó droim ar ais. Is fearr liomsa droim ar ais é, mar sa tslí sin críochnóidh tú i gcónaí le tosach maith.’