Doiminic Ó Brolcháin
Is iar-Chomhalta de Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (PSDLO) de Thionól Thuaisceart Éireann don Iúr agus Ard Mhacha is ea Doiminic Ó Brolcháin (Béarla: Dominic Bradley.[1] Mar Chomhalta den Tionól Reachtach (CTR), bhí sé ina Urlabhraí ar son an Oideachais agus na Gaeilge.[2]
Fuair sé a chuid meánscolaíochta in St Paul's High School, An Sruthán (Gaeilge: Ardscoil Naomh Pól). Ghníomhaigh sé mar Stiúrthóir Toghchánaíochta do Séamus Mallon MP agus don PSDLO i gComhairle Ceantair an Iúir agus Mhúrn.
Ballraíocht:
- Ball den Chumann Scoile Drámaíochta
- Ball de Tí Chulainn Cultural Activity Centre, An Mullach Bán.
- Ball de Chomhar na Múinteoirí Gaeilge
Is cainteoir Béarla agus Gaeilge é Doiminic, agus bhí sé ina eagarthóir oideachais ar an nuachtán laethúil Lá Nua. Scríobhann sé i nGaeilge do roinnt nuachtán eile. I dTionól Thuaisceart Éireann, i mí Dheireadh Fómhair 2011, gearradh pionós air as labhairt rófhada gan ceist a chur.[3]
Oideachas
cuir in eagarRinne sé staidéar in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste le haghaidh comhchéime onóracha i Litríocht agus Teanga an Bhéarla. Tar éis a chéim d’fhan sé ar aghaidh i mBéal Feirste agus rinne sé staidéar le haghaidh Teastas Iarchéime san Oideachas. Mar mhac léinn lánfhásta chuaigh sé go hOllscoil Uladh áit a ndearna sé staidéar agus Céim Mháistir i dTeanga agus Litríocht na Gaeilge.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ They Work for You. https://www.theyworkforyou.com/mla/dominic_bradley
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-07-30. Dáta rochtana: 2021-03-04.
- ↑ BBC News.https://www.bbc.co.uk/news/uk-northern-ireland-15246208
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-07-30. Dáta rochtana: 2021-03-04.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Próifílí.Bradley on the SDLP website