Domhnall Ó Máille (II)

rí Umaill

Rí Umhaill ba ea Domhnall Rua Ó Máille, (bás 11ú Samhain 1337[1]).

Domhnall Ó Máille
Saol
Bás11 Samhain 1337
Gairm

De shliocht Mhaille mhic Conaill ba ea Domhnall. Deirtear gurbh é Bhrian mac Domhnaill Ó Máille a athair, agus go raibh deartháir aige darbh ainm Diarmaid. Bhí ar a laghad triúr mac ag Domhnall: Cormac, Brian agus Tadhg.[2]

Tharla achrann i gcúige Connacht sna 1330í de bharr Burke Civil War.[3] Is amhlaidh gur maraíodh Domhnall agus a mhac Cormac sa choimhlint. Deirtear i nAnnála na gCeithre Máistrí:[4]

Domhnall Ruadh Ó Maille & Corbmac a mac do marbhadh la Cloinn Mebric, & do Ghallaibh oile immaille friu oidhche Fhele Stephain.

Bhí ceathrar mac ag Cormac, mar a bhí Maol Seachlainn, Maghnus, Eoghan agus Muireadhach, agus ní fheictear a shliochtaigh sna ginealaigh atá ar marthain. Is amhlaidh go ndeachaigh sliochtaigh Dhomhnaill Rua i léig, agus gur tháinig sliochtaigh Eoghain mhic Dhiarmada Uí Mháille, nia Domhnaill, ina n-ionad. Bhí beirt mhac déag sa chlann ag Eoghan, agus meastar gur dá mhuintir iad gach rí Umhaill as sin amach.

Féach freisinCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1337.9
  2. Knox, lch. 388
  3. Knox, lch. 134
  4. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1337.9


Roimh
Domhnall Ó Máille (I)
rí Umhaill
?–1337
Tar Éis
Domhnall Ó Máille (III)