Maille mac Conaill

sinsear Uí Mháille

Sinsear eapainmneach de chlann Uí Mháille ba ea Maille mac Conaill, as Umhaill i gContae Mhaigh Eo.

Infotaula de personaMaille mac Conaill

Cosgrach mac Flannbhrath, rí Umhaill (died 812), ba ea seanathair Mhaille, agus Flannabhra mac Cumusgraigh (bás 773) a shin-seanathair. Bhí uncail aige, Colmán, ina shinsear chlann Uí Cholmáin, agus uncail eile, Fearghas, ina shinsear Uí Fhearghasa agus Muintir Rúnaí. Bhí deartháir aige gan ainm ach ina shinsear Uí Ghormghaile.

Ní fheictear Maille féin sna hannála Éireann, ach tá sé ann i nginealaigh éagsúla amhail is Leabhar na nGinealach le Dubhaltach Mac Firbhisigh. Bunaithe ar an bhfoinse úd atá an ginealach le H. T. Knox, le fáil ina shaothar, The History of Mayo.

Glac sliochtaigh Mháille a ainm mar shloinne ag deireadh na 11ú haoise nó go luath sa 12ú, agus a fhionnó Dubhdara an chéad duine. Tugann Knox ginealaigh do Dhomhnall Ruadh Ó Máille, a maraíodh sa bhliain 1337, mar a leanas:

Domhnall Ruadh mac Briain m. Domhnaill m. Muireadhaigh m. Domhnaill Fhionn m. Muireadhaigh m. Dhubhdara m. Muireadhaigh m. Dhubhdara m. Fhlannabhra m. Seachnasaigh m. Mhaille.

Is fíor fós gur sloinne mór le rá é Ó Maille i gContae Mhaigh Eo agus ina cuid staire.

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar