Dominion Voting Systems v. Fox News Network
Ar 18 Aibreán 2023, shocraigh Fox News cás dlí clúmhillte i gcoinne na cuideachta meaisínvótála Dominion.[1]
Cineál | cás dlí |
---|---|
Bailíocht | 26 Márta 2021 - 18 Aibreán 2023 |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Gearánaí | Dominion Voting Systems (en) |
Cosantóir | |
Cúirt | Delaware Superior Court (en) |
Clúmhilleadh cuir in eagar
Le linn an toghcháin uachtaránachta 2020 sna Stáit Aontaithe, dúirt láithreoirí ar Fox News go raibh na meaisínvótála de chuid Dominion claonta i dtreo Joe Biden
Thionscain Dominion caingean chlúmhillte in aghaidh Fox News. Cúisíodh oifigigh Fox as an maíomh bréagach go raibh an vóta sa toghchán uachtaránachta rigeáilte i gcoinne Donald Trump, cé gur cheistigh siad féin an maíomh go príobháideach.
Rinne Dominion agus Fox socrú faoin gcás taobh amuigh den chúirt. D'aontaigh an comhlacht nuachta seacht gcéad ochtó ocht milliún dollar a íoc, rud a chiallaíonn nach raibh ar fheidhmeannaigh shinsearacha lena n-áirítear Rupert Murdoch fianaise a thabhairt sa chúirt.
Iarmhairtí cuir in eagar
Tháinig saincheisteanna chun cinn ar 24 Aibreán 2023 nuair a scaoil an t-óstach Tucker Carlson óna phost, duine de na hóstaigh is mó tóir ar Fox News a luadh sa chás.[2][1]
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (29 Aibreán 2023). "Nuacht Mhall: (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-05-01.
- ↑ Eisíodh teachtaireachtaí ó Tucker Carlson freisin, ina ndearna an t-óstach cur síos ar chomhghleacaithe agus ar dhaoine eile lena n-áirítear comhairleoir agus aturnae Sidney Powell, ag baint úsáid as teanga gharbh.