Tugtar réaltaí reatha go coitianta ar na dreigí, smionagar carraige nó gráinní deannaigh ón spás, a lasann leis an bhfrithchuimilt nuair a bhuaileann siad atmaisféar an Domhain. Is féidir leis na dreigí teacht ina n-aonair nó mar chuid de chith. Tagann ceathanna áirithe gach bliain. Is iarsmaí d'eireabaill chóiméad na dreigecheathanna seo.

WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochDreige
Leonid Meteor (cropped).jpg

Dótar na gráinní deannaigh ó eireaball an chóiméid san atmaisféar aon uair a thrasnaíonn an Domhan cúrsa seanchóiméid. Is iad na Peirsidí na dreigí is cáiliúla agus titeann siad idir 27 Iúil agus 17 Lúnasa gach bliain.

Féach FreisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar