Droichead Lindéir Bhun Leath Inse

Is droichead lintil é Droichead Lindéir Bhun Leath in aice le Cluain Lára i gContae Mhaigh Eo. Is gné neamhghnách amach is amach é an droichead lindéir seo in Iarthar na hÉireann. Is sail an bhunbhrí a bhí leis an bhfocal lindéar i gceantar Sussex i Sasana, áit a bhfuil samplaí go leor de le fáil[1]. Is cineál droichid cloiche réamhstairiúil é an droichead lindéir. Tá an struchtúr bunúsach déanta as piaraí nó piléir bheaga cloiche, a bhíonn trasnaithe ag leachtanna cothroma cloiche nó ag saileanna. Dearadh iad chun aibhneacha agus srutháin leathana, cothroma a thrasnú, mar a fheictear anseo, agus baineadh úsáid astu mar dhroichid coise.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Droichead Lindéir Bhun Leath Inse
Íomhá
Sonraí
CineálDroichead cloiche
Map
 53°43′06″N 9°53′19″W / 53.71825°N 9.88869°W / 53.71825; -9.88869

Is é is dóichí gur tógadh an droichead seo sna 1840idí nó 1850idí mar chuid den obair a rinne Misean Eaglais na hÉireann, pobal nó coilíneacht Phrotastúnach ar thug Marcas Shligigh talamh saor ó chíos dóibh. Tugtar an Choilíneacht go háitiúil ar an gceantar go fóill.


Tagairtí cuir in eagar

  1. "Bridge over troubled water" (en). MAYO.ME (2019-09-09). Dáta rochtana: 2021-10-15.