Is droichead cloiche meánaoiseach é Droichead na Gairfeanaí atá suite i gContae Chiarraí, Éire.[1][2] Ainmníodh an droichead mar Shéadchomhartha Náisiúnta na hÉireann.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Droichead na Gairfeanaí
Íomhá
Sonraí
CineálDroichead cloiche Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chiarraí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 09′ 00″ N, 10° 13′ 38″ O / 52.15°N,10.2272°W / 52.15; -10.2272
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir612

Trasnaíonn Droichead na Gairfeanaí Abhainn na Gairfeanaí i gCorca Dhuibhne, 2.7 km (1.7 mhíle) soir-oirthuaisceart ón Daingean.

Creidtear gur tógadh an droichead sa 14ú nó sa 15ú haois, agus de réir dealraimh gur thrasnaigh Arthur Grey, an 14ú Barún Grey de Wilton (Fear Ionaid na hÉireann) é in 1580 lena chuid fear ar an mbealach go Léigear Ard na Caithne, áit a maraíodh na céadta príosúnach.

Faoin 19ú haois, bhí an droichead ag titim as a chéile. Sa lá atá inniu ann, trasnaíonn trácht bóthair droichead nua-aimseartha ó thuaidh.[3]

Is droichead balla singil é Droichead na Gairfeanaí déanta gan moirtéal: is éard atá san áirse ná clocha gathacha a ‘éiríonn’ as clocha a theilgeann thar an abhainn i dteicníc coirbéalta.[4][5][6]

Is é an t-aon droichead le bheith ina Shéadchomhartha Náisiúnta.[7]

  1. Chatterton (1839). "Rambles in the South of Ireland During the Year 1838". Saunders and Otley. “Garfinny.”– tríd Internet Archive 
  2. Durell (16 August 2017). "The Grand Tour of Kerry". Cailleach Books. ISBN 978-0-9537823-1-4.– tríd Google Books 
  3. Garfinny Bridge – erica goes traveling”. ericagoestraveling.com (3 Meán Fómhair 2013).
  4. Garfinny Bridge near Dingle, built around 1580 this medieval stone bridge was built entirely wit - Picture of Dingle, Dingle Peninsula - TripAdvisor”. www.tripadvisor.ie.
  5. Stone Art”. www.facebook.com.
  6. ArcGIS Web Application”. maps.archaeology.ie. Dáta rochtana: 2022-10-14.
  7. Tibus. “Garfinny Bridge - Attractions - Museums and Attractions - All Ireland - Republic of Ireland - Kerry - Dingle - Discover Ireland”. www.discoverireland.ie.