Droim Dhá Thiar

baile i gContae Liatroma

Is baile beag stairiúil i gContae Liatroma é Droim Dhá Thiar[1][2](Dromahair as Béarla). Tá Droim Dhá Thiar suite gar do bhruach thoir theas Loch Gile, achar 10km soir as Cluainín agus 17km as Baile Shligigh.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDroim Dhá Thiar

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°13′59″N 8°18′00″W / 54.233°N 8.3°W / 54.233; -8.3
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Liatroma Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán503 (2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde51 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1166041

Tíreolas cuir in eagar

Is ceantar fíorálainn nár loiteadh an taobh tíre thart ar Dhroim Dhá Thiar. Is ábhar suntais go háirithe an talamh ard lastuaidh den bhaile agus den chúinne sin de Loch Gile, gar do Loch an Dúin, mar a bhfuil ‘the Doons' mar a thugtar air. Níos faide isteach sa sliabh idir na Caológaí Buí agus Laíán, tá mar a thugtar air, an ‘Fathach ina Luí’ nó an ‘Sleeping Giant’. Cuireann Sliabh Dhá Éan agus Cill Oiridh, seanraon sléibhe le Loch Gile aneas, go mór le maise an taobh tíre. Tá an sráidbhaile féin ar bhruach na Buannaide, abhainn a shníonn aduaidh as Gleann Éada agus a chasann siar ina caisí anseo go Loch Gile. Leagadh amach an sráidbhaile mórán ar an déanamh céanna lena mhacasamhail i nGwlad ar Haf ag fear a dtugtaí Iarla Liatroma air.

Droim Dhá Thiar i Litríocht agus i gCeol na hÉireann cuir in eagar

Déantar tagairt do Dhroim dhá Thiar sa dán "The Man who dreamed of Faeryland" le William Butler Yeats[3]:

He stood among a crowd at Dromahair
His heart hung all upon a silken dress
And he had known at last some tenderness
Before earth took him to her stony care...

Agus sa chéad rann den amhrán "Sing me lovley Leitrim" le Seamus Moore:

Drumshanbo by Lough Allen, Manorhamilton so fair,
The river winding gently down by sweet ol' Dromahair,
Drumkeeran, Kiltyclogher, MacDermott standing tall,
O! sing me Lovely Leitrim, it's the sweetest of them all.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Droim Dhá Thiar/Drumahaire | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Logainm.ie - Droim Dhá Thiar/Dromahair
  3. Kirby, Sheelah, The Yeats Country: a guide to places in the West of Ireland associated with the life and writings of William Butler Yeats (Dolmen Press le tacaíocht ó Bhord Fáilte Éireann, 1962)