Druga

Substaint cheimiceach nó substaint bhithcheimiceach
(Athsheolta ó Drugaí)

Is éard is druga ann ná substaint cheimiceachbhithcheimiceach, shaorga nó nádúrtha, agus í in ann tionchar a imirt ar an dóigh a mbíonn an t-orgánach ag obair, má ghlactar isteach sa cholainn é. De réir an tsainmhínithe seo, is féidir dearcadh ar an mbia féin mar dhruga, ach sa ghnáthchaint, tá ciall níos cúinge leis an téarma, agus is é an cineál substaintí a bhíonn i gceist ansin ná cógais, vitimíní, substaintí sícighníomhacha nó sícideileacha agus "drugaí fóillíochta" cosúil le heacstais, cócaon, marachuan, amfataimín agus eile.

Faireachán drugaí na gCustaim in Éirinn
Go minic, bíonn drugaí le fáil i bhfoirm taibléidí.

Ní bhíonn sé soiléir i gcónaí cé acu bia nó druga atá i gceist - cuir i gcás caife, fíon agus beoir, mar shampla. De ghnáth, is é an difríocht idir drugaí agus bithcheimiceáin inginiúla (is é sin, substaintí bithcheimiceacha de dhéantús na colainne féin) ná go dtagann na drugaí isteach ón taobh amuigh. Níl an difríocht seo soiléir ach an oiread, áfach. Is hormón í an inslin, ó tháirgtear go nádúrtha i bpaincréas an duine í, ach san am céanna, is druga í freisin, ó thugtar inslin shintéiseach ón taobh amuigh dóibh siúd a bhfuil an diaibéiteas ag luí orthu.

SanasaíochtCuir in Eagar

Is focal iasachta é "druga" ón mBéarla "drug". Eascraíonn an focal Béarla "drug" ón bhfocal Ollainise "droog". An bhrí atá le "droog" ná "tirim". San am atá thart bhíodh an chuid is mó de drugaí déanta as plandaí triomaithe.

CógasCuir in Eagar

Is éard atá i gCógas ann ná druga a thógtar chun leigheas a chuir ar dhuine agus siomptóim tinneas a mhaolú atá orthu. Úsáidtear iad chun cosc a chuir ar galair nó tinnis a d'fhéadfadh bheith orthu sa todhchaí chomh maith. Bíonn dáileadh amach na cógais seo go minic faoi stiúir an rialtais agus roinntear i dtrí chatagóir éagsúla iad - cógais "thar an gcuntair", atá ar fáil i ngnáth siopaí agus cógaslanna gan srianta spesíalta, "taobh thiar den chúntar", a ndáiltear amach ag poitigéir gan oidis dochtúra bheith ag teastáil, agus "cógais ar oideas", go bhfuil oideas ag teastáil, a bhfaightear ó dochtúr nó lia de ghnáth.

Táirgeann na comhlachtaí poitigéirí na cógais de ghnáth agus cuireann siad paiteann orthu chun a gceart iad a tháirge a chosaint, cé gur féidir iad a dhíorthú ó subtaintí nádúrtha i bplandaí ar a ghlaotar cógais luibheanna. Glaotar cógais cinéalaigh ar na cinn nach bhfuil aon phaiteann nó srianta maidir le ceadúnais acu.

Drugaí Aeraíochta(áineasa)Cuir in Eagar

Is éard atá in drugaí aeraíochtadrugaí áineasa ná drugaí sicgníomhach a n-úsáidtear ar fáthanna caitheamh aimsire seachas ar son oibre, leighis nó spioradálta. Tá neart conspóide faoi úsáid drugaí aeraíochta, agus tá srianta agus rialaithe curtha orthu ag rialtais ar fud an domhain chun an troid i gcoinne mí-úsáid drugaí a láidriú, ach tá criticiúlacht ann maidir le na dlíthe atá i bhfeidhm bheith finíntaithe. Tá seo ag athrú go mall, áfach, le Ceanada, ar an bhformhór, ag leanúint an Ísiltír agus dí-choirúiliú a dhéanamh ar channabas.

NaiscCuir in Eagar

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar