Dubai

cathair in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha
(Athsheolta ó Dubaí)

Cathair mhór is ea Dubai in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Is é Mohammed Bin Rashid Al Maktoum "rialtóir" Dubai.[1]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDubai
دبيّ (ar) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 25°16′11″N 55°18′34″E / 25.2697°N 55.3094°E / 25.2697; 55.3094
Stát ceannasachAontas na nÉimíríochtaí Arabacha
Éimíríocht in Aontas na nÉimíríochtaí ArabachaDubai Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán3,331,420 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús95,183.43 hab./km²
Teanga oifigiúilan Araibis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla35 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Bunaitheoir(í)Al Maktoum Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú9 Meitheamh 1833
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisMohammed bin Rashid Al Maktoum (en) Aistrigh (2006–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáindm.gov.ae Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: DubaiMunicipality Twitter: DMunicipality Instagram: dubaimunicipality Youtube: UCgoUXrrSn2pdbOd3S1Hr2hA Youtube: VisitDubai Cuir in eagar ar Wikidata

1,4 milliún an daonra a bhí ag Éimíríocht Dubai sa bhliain 2006, agus 3.3 milliún in 2020, níos mó ná ceann ar bith eile in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.[2]

Mohammed Bin Rashid Al Maktoum, 2021
An Burj Khalifa i lár, 2021
Dubai Mall, an t-ionad shiopadóireachta is mó ar domhan

Eacnamaíocht cuir in eagar

Is cathair shaibhir í Dubai. Thosaigh an fás sna 1970idí le peitrilliam agus gás nádúrtha. Tá trádáil, monaraíocht, turasóireacht agus seirbhísí airgeadais níos tábhachtaí anois, áfach.

Foirgnimh cuir in eagar

foirgnimh ann a bhriseadh fríd na néalta dá mbeadh néalta ann agus san oíche lasann siad suas mar a bheadh crainn Nollag ann. Tá foirgneamh amháin ann ar a dtugtar Sparkle Towers fiú.[3][2]

Tá an t-ionad shiopadóireachta is mó ar domhan sa mhórchathair seo, "Dubai Mall". Tá an chathair féin glan, fíorghlan gan oiread agus píosa amháin de bhruscar le feiceáil ó mhaidin go nóin. Déantar an-iarracht an áit a choinneáil chomh glan agus is féidir.[2]

Tíreolaíocht cuir in eagar

Tá an chathair suite ar chósta an Aontais, in aice le Murascaill na Peirse. Clúdaíonn éimiríocht Dubai 4114km². Tá Dubai suite i bhFásach na hAraibe, agus is te an aeráid atá ag an éimiríocht.

 
fásach, Dubai

Stair cuir in eagar

Sa 19ú haois, bhunaigh clann Al Abu Falasa éimiríocht Dubai. Cleithiúnaí Abu Dhabi ab ea Dubai go dtí 1833, nuair a tháinig clann Al Maktoum go Dubai ó Abu Dhabi. Cuid d’Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ab ea Dubai ó 1971 ar aghaidh, nuair a d’fhág a cosantóir, an Ríocht Aontaithe, Murascaill na Peirse.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Mohammed bin Rashid Al Maktoum" (as en) (2024-03-04). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 2.2 Michelle Nic Pháidín < Meon Eile (4 Márta 2024). "Dubai: airgead as cuimse ach easpa saibhris" (ga-IE). www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  3. "Sparkle Towers – Sparkle Towers" (en-US). Dáta rochtana: 2024-03-04.