Eachtra Maguire agus Lennon (Fionnachaidh, 1976)
Ar an 10 Lúnasa 1976, ar Bhóthar Fhionnachaidh i mBéal Feirste, scaoil Arm na Breataine Danny Lennon, ball den IRA, agus é ag tiomáint cairr ar a raibh na saighdiúiri sa tóir. Maraíodh Lennon ar an toirt.[1][2][3][4][5]
Cineál | tarlú |
---|---|
Dáta na bliana | 1976 |
Suíomh | Baile Andarsan, Northern Ireland |
Agus é marbh, sciurd an carr a raibh sé ann i dtreo Anne Maguire agus a triúr páistí, ag marú beirt acu, Joanne agus Andrew, i bpreabadh na súl. Fuair an tríú páiste, John, bás an lá ina dhiaidh. Gortaíodh an mháthair go dona agus bhí sí gan mhothú ar feadh cúpla lá, sular tháinig sí chuici féin agus tháinig ar an fhírinne.
Chuir Anne Maguire lámh lena bás féin 41 mí ina dhiaidh an eachtra.
Iarmhairt
cuir in eagarAs an fhearg ollmhór a d’eascair as an tubaiste, d’fhás gluaiseacht darb ainm Mná na Síochána nó The Peace Women (Lucht na Síochána nó The Peace People níos moille.)
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Tá cuntais ann atá contrártha le chéile. Ach tá a fhios go raibh Lennon ar fiannas agus ag tiomáint, agus gur mharaigh Arm na Breataine é,
- ↑ Robert McMillen (2014). "Mná agus Cead na Vótála" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-12-02.
- ↑ Betty Williams. "History – the Peace PEOPLE". www.peacepeople.com. Dáta rochtana: 2021-12-02.
- ↑ Betty Williams. "A New way forward for the children of the world". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-15. Dáta rochtana: 2021-12-02.
- ↑ Gerry Adams (1976). "Readings - In Defence Of Danny Lennon | The Ira & Sinn Fein | FRONTLINE | PBS". www.pbs.org. Dáta rochtana: 2021-12-02.