Lucht na Síochána (Tuaisceart Éireann)

As an fhearg ollmhór a d’eascair as na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1976, d’fhás gluaiseacht darb ainm Mná na Síochána nó The Peace Women, níos déanaí Lucht na Síochána nó The Peace People, nó the Community for Peace People.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaLucht na Síochána
Sonraí
Cineáleagraíocht
eagraíocht abhcóideachta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1976
Bunaitheoir(í)Betty Williams, Mairead Maguire agus Ciaran McKeown Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinpeacepeople.com Cuir in eagar ar Wikidata
Betty Williams, 1978, ceannaire, Lucht na Síochána

Bunú cuir in eagar

Mairead Corrigan nó Mairéad Maguire

Ar an 10 Lúnasa 1976, ar Bhóthar Fhionnachaidh i mBéal Feirste, scaoil Arm na Breataine Danny Lennon, ball den IRA, agus é ag tiomáint cairr ar a raibh na saighdiúiri sa tóir. Maraíodh Lennon ar an toirt.[2][3][4][5]

Agus é marbh, sciurd an carr a raibh sé ann i dtreo Anne Maguire agus a triúr páistí, ag marú beirt acu, Joanne agus Andrew, i bpreabadh na súl. Fuair an tríú páiste, John, bás an lá ina dhiaidh. Gortaíodh an mháthair go dona agus bhí sí gan mhothú ar feadh cúpla lá, sular tháinig sí chuici féin agus tháinig ar an fhírinne.

Chuir Anne Maguire lámh lena bás féin 41 mí ina dhiaidh an eachtra.

As an fhearg ollmhór a d’eascair as an tubaiste, d’fhás gluaiseacht darb ainm Mná na Síochána.[1]

An ghluaiseacht cuir in eagar

Chonaic máithreacha ar fud an Tuaiscirt uafás na tubaiste a tharla do chlann Mhig Uidhir sa bhliain 1976. Bhailigh siad le chéile faoi stiúir dheirfiúr Anne Maguire, Mairéad agus Betty Williams. Ar feadh tamaill, bhí an chuma ar an scéal go raibh ollghluaisceacht ag dul a fhás as an tubaiste, a leagfadh síos dúshraith don tsíocháin agus mná á stiúradh. An lá i ndiaidh na mbásanna, tháinig 10,000 duine amach ar shráideanna Bhaile Andarsain in agóid in éadan an fhoréigin.[1]

Bóthar Fhionnachaidh i mBéal Feirste,

Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Máiréad Corrigan agus Betty Williams ar an 10 Deireadh Fómhair 1976. Ach chuaigh cúrsaí in olcas. Rinneadh ionsaí ar mhórshiúl dá gcuid ar Bhóthar na bhFál i mí Dheireadh Fómhair 1976. D’amharc poblachtánaithe ar an ghluaiseacht mar “fhealltóírí” agus gur fronta d’Oifig Thuaisceart Éireann a bhí iontu.

"Peace Wall ", Béal Feirste

Bhí Ciaran McKeown ar dhuine de na ceannairí níos faide anonn.

Bhí fadhbanna eile ag Lucht na Síochána - díobháil foirne, díobháil áiseanna, díobháil taithí - agus ainneoin an dea-thoil, thit an tóin as an ghluaiseacht. Thit an tóin as an gluaiseach sa bhliain 1978.[6]

Níos déanaí, bhí Mairéad Corrigan Maguire go mór chun cinn san fheachtas ar son Gháza.

I 1996, tháinig Monica McWilliams agus Pearl Sagar le chéile le Comhlathas na mBan a bhunu mar eagraíocht a chuirfeadh dlús faoi iarrachtaí mhná an Tuaiscirt sna 1990idí a bheith páirteach i struchtúir a bhí ag múnlú a dtodhchaí.[1]

D'éag Betty Williams sa bhliain 2020.

Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Máiréad Corrigan agus Betty Williams sa bhliain 1976.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Robert McMillen (2014). "Mná agus Cead na Vótála" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-12-02.
  2. Tá cuntais ann atá contrártha le chéile. Ach tá a fhios go raibh Lennon ar fiannas agus ag tiomáint, agus gur mharaigh Arm na Breataine é,
  3. Betty Williams. "History – the Peace PEOPLE". www.peacepeople.com. Dáta rochtana: 2021-12-02.
  4. Betty Williams. "A New way forward for the children of the world". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-15. Dáta rochtana: 2021-12-02.
  5. Gerry Adams (1976). "Readings - In Defence Of Danny Lennon | The Ira & Sinn Fein | FRONTLINE | PBS". www.pbs.org. Dáta rochtana: 2021-12-02.
  6. "The Nobel Peace Prize 1976" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2021-12-02.