Eachtra Manchúrach (1931)
Idir na 1900idí-1920idí, bhí méadú as cuimse tagtha ar gheilleagar na Seapáine. Ach bhí an tír gann ar acmhainní nádúrtha, agus sna 1930idí, bhí an dearcadh coilíneach ag dul i neart sa tSeapáin.
| ||||
Cineál | coinbhleacht conspóid | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Japanese invasion of Manchuria (en) | |||
Dáta na bliana | 18 Meán Fómhair 1931 | |||
Suíomh | Shenyang, Daon-Phoblacht na Síne | |||
Tír | Poblacht na Síne | |||
Rannpháirtí | ||||
Cúis | Liutiaohu Incident (en) | |||
Ar an 18 Meán Fómhair 1931 sa Mhanchúir, tharla gníomh sabaitéireachta ar líne traenach 'Mantetsu' (comhlacht na Seapáine). I ndáiríre, bhí arm na himpireachta de chuid na Seapáine taobh thiar den 'ionsaí' (pléasc thar a bheith beag, gan damáiste). Ach mhaígh an t-arm go raibh caimiléireacht ar siúl ina aghaidh agus cuireadh an milleán go mioscaiseach ar na Sínigh.[1]
Cúlra
cuir in eagarI dtús na fichiú haoise, bhí an Rúis agus an tSeapáin ag cur suime sa Mhanchúir, agus iad den tuairim gur réigiún tábhachtach straitéiseach a bhí ann. Mar sin, d'éirigh ina chogadh eatarthu sa bhliain 1904. Bhuaigh an tSeapáin an cogadh, agus b'éigean don Rúis an chuid den Mhanchúir a thabhairt ar ais don tSín a bhí forghafa aici roimhe sin.
Sa bhliain 1905, chuaigh trúpaí Seapánacha i seilbh an iarnróid a bhí ag rith tríd an Manchúir, le go mbeadh an tSeapáin in ann amhábhair a iompar ón Manchúir go dtí an Chóiré. Bunaíodh an comhlacht 'Mantetsu' in 1906 chun líne traenach nua a thógáil.[2]
Iarmhairtí
cuir in eagarAr an 19 Bealtaine 1931, chuir an tSeapáin tús lena n-ionsaí ar an Mhanchúir.[3] Maraíodh 500 Síneach ar an chéad lá i Mukden agus theith na mílte eile.
Bhunaigh na Seapánaigh stát nua a bhí ar teaghrán acu - Manchukuo - agus chuir siad Pu Yi, iar-Impire na Síne, á rialú. Thit Manchukuo as a chéile sa bhliain 1945 nuair a rinne an APSS ionradh air.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Mukden Incident" (as en) (2021-09-18). Wikipedia.
- ↑ "South Manchuria Railway" (as en) (2021-08-25). Wikipedia.
- ↑ "Japanese invasion of Manchuria" (as en) (2021-09-14). Wikipedia.