Eachtra imirceach San Antonio, 2022

Ar 27 Meitheamh 2022, bhí 53 corp faighte i leantóir leoraí i San Antonio, Texas, daoine fásta agus inimiricigh go léir. Bhí sé dhuine dhéag eile fós ina mbeatha sa leoraí, ceathrar páistí ina measc.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEachtra imirceach San Antonio, 2022
Map
 29°19′38″N 98°36′11″W / 29.327106°N 98.603169°W / 29.327106; -98.603169
Cineáltubaiste
conspóid Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana27 Meitheamh 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSan Antonio, Texas, Texas
Texas, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Cúissmuigleáil daoine
caiceicse Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna53 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe12 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí an leoraí páirceáilte in aice leis an iarnród ar cholbha theas na cathrach.[1] Bhí an teocht chomh hard le 39 céim i San Antonio ag an am agus ní raibh aon uisce sa leoraí. Leantóir cuisniúcháin ba ea é agus ní raibh aon chóras aerchóirithe ann... é sin nó ní raibh sé ar siúl.

Tháinig duine, a bhí ag obair in aice láimhe, ar na hinimircigh tar éis dó glao ar fhóirithint a chloisteáil ag teacht as an leoraí. Tugadh chuig ospidéil áitiúla láithreach an 16 duine a bhí fós beo, agus cuireadh cóir leighis orthu faoi thnáitheadh teasa agus stróc teasa.

Bhí sé deimhnithe gurbh as Meicsiceo 22 de na mairbh. B'as Guatamala agus Hondúras cuid eile acu.[1]

Cóir cuir in eagar

Thart ar 250 ciliméadar atá idir San Antonio agus teorainn Mheicsiceo, agus tugadh na hinimiricigh chun na Stát Aontaithe go mídhleathach.[1]

Mhaígh Greg Abbott, gobharnóir Texas agus ón bPáirtí Poblachtach, gurb í an fháilte a chuireann na Daonlathaithe roimh inimircigh údar an oilc. Chuir sé an milleán faoin tragóid ar Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden.

Bhí ceathrar gafa faoin scéal, an tiománaí ina measc.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2022-06-28). "50 corp faighte i leantóir leoraí i San Antonio, Texas" (as ga-IE).