Ebrahim Raisi
Bhí Seyed Ebrahim Raisi nó Ebrahim Raisolsadati (14 Nollaig 1960 - 19 Bealtaine 2024) an 8ú Uachtarán ar an Iaráin, ó 2021 go dtí 19 Bealtaine 2024. Cléireach Moslamach ba ea é (leis an stádas "hujjat al-Islamm"[1] dar leis féin) agus breitheamh chomh maith.
Cléireach Siach ab ea Raisi a bhí an-mhór leis an Ayatollah Ali Khamenei; bhí sé áirithe orthu siúd a mbeadh seans acu teacht i gcomharbacht air. Ceannaire fíorchoimeádach a bhí in Raisi chomh maith, duine a chuir faoi chois go cruálach éirí amach na mban agus na gcailíní in 2022. Bhí Raisi ar dhuine de na ceannairí is diongbháilte san Iaráin.[2]
Saol
cuir in eagarBhí lámh ag Raisi i gcuid de na heachtraí is brúidiúla inar cuireadh faoi chois daoine a síleadh a bhí naimhdeach don phoblacht Ioslamach, ó na 1980idí ar aghaidh. Tugadh "Búistéir Tehrān" air.
Ó toghadh Raisi i 2021 tá na dlíthe faoin moráltacht tar éis géarú agus bhí sé an-dian ar lucht agóide a bhí in aghaidh an Rialtais.[3] In 2022 chuir Raisi agus an rialtas faoi chois go brúidiúil éirí amach na mban agus na gcailíní a bhí ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an bpoblacht Ioslamach.
Bás
cuir in eagarMaraíodh Raisi i dtimpiste héileacaptair ar an 19 Bealtaine 2024, i gceantar sléibhtiúil gar de theorainn na hAsarbaiseáine i dtuaisceart na tíre.[4] Maraíodh an t-aire gnóthaí eachtracha Hossein Amir-Abdollahian agus roinnt daoine eile ag an am céanna. Bhí an héileacaptair ag teacht thar n-ais ó shearmanas oscailte damba nuair a chuaigh sé i sáinn i gceo trom. Bhí cúig lá dobróin fógartha sa tír.
Bhí Raisi áirithe orthu siúd ag an am a mbeadh seans acu teacht i gcomharbacht ar an Ayatollah Ali Khamenei.[2] Agus tacaíocht na gcoimeádach is diongbháilte aige, síleadh go raibh seans an-mhaith ag Raisi a bheith ar an gcéad ard-cheannaire eile.
Maraíodh Raisi ag tréimhse chorrach ina bhfuil an Iaráin agus Iosrael in adharca a chéile agus an t-achrann eatarthu ag dul in olcas.
Tá Leas-Uachtarán na hIaráine Mohammad Mokhber ceaptha ina Uachtarán eatramh. Tuairiscítear go bhfuil comthuisicnt ar leith idir Mohammad Mokhber agus Ali Khamenei, ag a mbíonn an focal scoir faoi gnóthaí stáit.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Hujjat al-Islam" (as en) (2024-05-20). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 "Cúig lá dobróin fógartha d’uachtarán na hIaráine a maraíodh i dtuairt héileacaptair" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-20). Dáta rochtana: 2024-05-20.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-05-20). "Smionagar ingearáin inar maraíodh Uachtarán na hIaráine faighte" (as ga-IE).
- ↑ Bhí Raisi ar a shlí go dtí cathair Tabriz san iarthuaisceart i ndiaidh dó freastal ar shearmanas oscailte damba ar theorainn na hAsarbaiseáine.