Socrú núicléach leis an Iaráin

Sa bhliain 2015, bhí réiteach núicléach déanta ag An Iaráin le sé cinn de na Cumhachtaí Móra; tugadh an socrú núicléach leis an Iaráin air, nó an Joint Comprehensive Plan of Action (an JCPOA) tar éis breis is 10 mbliana taidhleoireachta.[1][2] Le linn na mblianta 2015-2016, bhí cigirí idirnáisiúnta in ann breathnú níos géire ar chúrsaí núicléacha san Iaráin. Ar an dtaobh eile den mhargadh, tháinig maoladh ar na smachtbhannaí a bhí á leagan ar an Iaráin leis na blianta.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSocrú núicléach leis an Iaráin
Íomhá
Cineáldoiciméad
socrú Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana14 Iúil 2015 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe14 Iúil 2015 Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir
CúisNegotiations leading to the Joint Comprehensive Plan of Action (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
United States withdrawal from Iran Deal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáineeas.europa.eu… Cuir in eagar ar Wikidata


Sínitheoirí an chomhaontaithe JCPOA, an tAontas Eorpach ina measc
Agóid in aghadih an JCPOA i dTehran, Lúnasa 2015
'Special Representative' na S-A, Brian Hook (cuid den rialtas Trump ag an am), agus príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu sa bhliain 2020

Ach rinne go leor daoine cáineadh ar an gcomhaontú: lucht tacaíochta an chogaidh i gComhdháil SAM (na Poblachtánaigh) agus na dochtairí i gceannaireacht na hIaráine, Iosrael agus na hAraibe Sádaí. Mar sin, nuair a toghadh Trump, d'éirigh na Stáit Aontaithe as an margadh go gairid ina dhiaidh.

Níor chas Hassan Rouhani, Uachtarán na hIaráine, riamh le Trump; tuairimíocht gan dealramh a bhí ann sa bhliain 2019.[3]

Comhaontú nua ? cuir in eagar

Laghdódh comhaontú nua an baol atá ann go ndéanfar iomadú ar airm núicléacha sa réigiún.

Sa bhliain 2021, bhí Éire ceaptha ag na Náisiúin Aontaithe mar áisitheoir san aighneas seo i dtaca le margadh 2015, agus ag áiteamh ar an Iaráin agus na Stáit Aontaithe a bheith rannpháirteach arís sa socrú.[4] Chas Simon Coveney le Hassan Rouhani nuair a bhí sé fós ina Uachtarán sa bhliain 2021,[5]

Bhí Rouhani ar an eite mheasartha san Iaráin (ach tá roinnt na cumhachta san Iaráin, idir na Mullánna, na polaiteoirí agus an t-arm), I Lúnasa 2021, toghadh Ebrahim Raisi, den dream is diongbháilte i dTehrān.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2015-07-14). "Socrú núicléach idir Meirceá agus An Iaráin" (as ga). 
  2. "An socrú núicléach leis an Iaráin: beart riachtanach don chomhar | Nuacht | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu (2014-01-29). Dáta rochtana: 2021-11-13.
  3. "‘Seans maith’ go mbuailfidh Trump le Hassan Rouhani, uachtarán na hIaráine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-12.
  4. Deaglán de Bréadún. "Is maith go bhfuil margadh déanta leis an Iaráin faoi chúrsaí núicléacha" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-12.
  5. Nuacht RTÉ (2021-03-07). "Coveney sásta lena chruinniú san Iaráin" (as ga).