Hassan Rouhani
Is é Hassan Rouhani (Peirsis: حسن روحانی; a rugadh mar "Hassan Fereydoun" ar an 12 Samhain 1948) an 7ú Uachtarán agus Uachtarán na hIaráine (ó 3 Lúnasa 2013 go dtí 3 Lúnasa 2021). Cléireach Moslamach is ea é (leis an stádas Mujtahid Siach) agus dlíodóir agus iarthaidhleoir chomh maith.
Amharctar ar Rouhani mar dhuine measartha lárnach ó thaobh na polaitíochta de.
Saol
cuir in eagarOideachas
cuir in eagarTá céim bhaitsiléara sa dlí aige ó Ollscoil Tehran (1969) agus fuair sé MPhil sa Dlí (1995) agus PhD sa Dlí (1999) ó Ollscoil Chaladónach Ghlaschú,[1] agus é 52 bliain d'aois ag an am.
Bhí an tráchtas MPhil faoin gcumhacht reachtach maidir leis an dtaithí Iaránach agus an tráchtas PhD faoi sholúbthacht an dlí Ioslamaigh sa chomhthéacs céanna.
Polaitíócht
cuir in eagarSa tréimhse sin bhí poist sinsearaigh éagsúla aige - sa rialtas, san arm agus sa riarachán.
Bhí Rouhani
- ina bhall den Majlis (Parlaimint na hIaráine) ó 1980 go dtí 2000
- ina cheannaire na comhairle maoirseachta le haghaidh chraoltóir stáit na hIaráine (1980-83)
ina cheannasaí an Fhórsa Aerchosanta (1986-91) le linn an Chogaidh
ina bhall den Chomhairle Sheiftiúlachta
de Thionól na Saineolaithe araon ó 2000 anuas go dtí an lá inniu. - mar shampla, , .
rúnaí d'Ardchomhairle na Slándála Náisiúnta (1989-2005).
Fuair Rouhani ceadúnas chun cleachtadh mar dhlíodóir sa bhliain 2007.
Bhí Rouhani freisin ina leas-chainteoir den 4ú agus 5ú théarma den Thionól Comhairliúcháin Ioslamach (An Majlis). I gcáil ar sin, bhí sé i gceannas freisin ar fhoireann iar-idirbheartaíochta na hIaráine agus ina phríomh-idirbheartaí leis an triúr ón AE - an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, agus an Ghearmáin - ar chlár núicléach na hIaráine.
Uachtarán
cuir in eagarAr an 7 Bealtaine 2013, chláraigh Rouhani don toghchán uachtaránachta a tionóladh ar an 14 Meitheamh 2013. Dúirt sé go n-ullmhódh sé "cairt um chearta sibhialta", an geilleagar a athbhunú agus an caidreamh guagach le náisiúin an Iarthair a fheabhsú .
Toghadh Rouhani mar Uachtarán na hIaráine ar an 15 Meitheamh 2013, ag fáil an ceann is fearr ar Mhéara Tehrān, an tUasal Mohammad Bagher Ghalibaf agus ceathrar iarrthóir eile.
Ar an 3 Lúnasa 2013, toghadh mar Uachtarán Phoblacht Ioslamach na hIaráine é, le haghaidh téarma oifige ceithre bliana. Atoghadh sa bhliain 2017 é.
Sa bhliain 2021, bhí súil ag Éire agus an tAontas Eorpach áiteamh ar an Iaráin a bheith rannpháirteach arís sa socrú a rinneadh sa bhliain 2015.
Clár núicléach na hIaráine
cuir in eagarSa bhliain 2015, bhí réiteach déanta ag An Iaráin le sé cinn de na Cumhachtaí Móra i gcomhráití núicléach tar éis breis is 10 mbliana taidhleoireachta.[2] Le linn na mblianta 2015-2016, bhí cigirí idirnáisiúnta in ann breathnú níos géire ar chúrsaí núicléacha san Iaráin. Ar an dtaobh eile den mhargadh, tháinig maoladh ar na smachtbhannaí a bhí á leagan ar an Iaráin leis na blianta.
Ach d'éirigh na Stáit Aontaithe as an margadh nuair a toghadh Trump. Níor chas Rouhani riamh le Trump; tuairimíocht gan dealramh a bhí ann sa bhliain 2019.[3]
Sa bhliain 2021, bhí Éire ceaptha ag na Náisiúin Aontaithe mar áisitheoir san aighneas seo i dtaca le margadh 2015, agus ag áiteamh ar an Iaráin a bheith rannpháirteach arís sa socrú.[4] Chas Simon Coveney le Hassan Rouhani nuair a bhí sé fós ina Uachtarán sa bhliain 2021,[5]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "Hassan Rouhani" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-07-14). "Socrú núicléach idir Meiriceá agus An Iaráin" (as ga).
- ↑ "‘Seans maith’ go mbuailfidh Trump le Hassan Rouhani, uachtarán na hIaráine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-12.
- ↑ Deaglán de Bréadún. "Is maith go bhfuil margadh déanta leis an Iaráin faoi chúrsaí núicléacha" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-03-07). "Coveney sásta lena chruinniú san Iaráin" (as ga).