Ba dhlí-eolaí agus Ard-Mhuftaí de chuid na hImpireachta Otamánaí é Ebussuud Efendi, nó mar is fearr aithne, Hoca Çelebi (Muhammad Ebussuûd Efendi, 30 Nollaig 149023 Lúnasa 1574).

Infotaula de personaSheikh-ul-Islam (en) Aistrigh
Ebussuud Efendi

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ota) ابو السعود افندى مُحمَّد عمادى
Beathaisnéis
Breith30 Nollaig 1490 (Féilire Ghréagóra)
İskilip (an Impireacht Otamánach)
Bás23 Lúnasa 1574 (Féilire Ghréagóra)
83 bliana d'aois
Iostanbúl (an Impireacht Otamánach)
Áit adhlacthaEyüpsultan Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam
Teanga dhúchaisAn Tuircis Otamánach
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, muftaí, múinteoir, dlí-eolaí Ioslamach, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Tuircis Otamánach, an Araibis agus an Pheirsis

Bhí Efendi ina Ard-Mhuftaí ón mbliain 1545 go dtí gur éag sé sa bhliain 1574. Bhí páirt ríthábhachtach ag Efendi sna leasuithe fairsinge a rinne Suleiman Ollásach ar chóras dlí na nOtamánach, ach go háirithe chun iarracht a dhéanamh ar sharia agus qānūn, na dlíthe a leagadh síos an Sabhdán, a chur le chéile mar chóras dlí comhtháite.[1]

Mar dhlí-eolaí den scoil (madhhab) Hanafi, tá clú agus cáil air go fóill mar gheall ar roinnt fatāwā a d'eisigh sé fad a bhí sé ina Ard-Mhuftaí, go háirithe an ceann míchlúiteach a cheadaigh marú na nIasaídeach ar bhonn creidimh.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Scríobh Eugenia Kermeli nóta beathaisnéise mionsonraithe maidir le Hoca Çelebi, ag díriú ar a chuid tuairimí i dtaobh an chaidrimh idir Críostaithe agus Moslamaigh.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "Kanunî Sultan Süleyman" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-12-30.
  2. Ebussuud Efendi. "Christian-Muslim Relations 1500 - 1900". Dáta rochtana: 2020.