Elara
gealach de chuid Iúpatair
Elara atá ar an ochtú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Iúpatair. Níor baisteadh an t-ainm sin ar an ngealach seo ach sa bhliain 1975; roimhe sin ní raibh d’ainm oifigiúil uirthi ach “Iúpatar a Seacht”, cé go dtugtaí “Hera” uirthi uaireanta. Tá Elara 43 ciliméadar ar mheángha, agus is ceann de na satailítí i ngrúpa Himalia í. Is éard atá i gceist le grúpa Himalia ná cúig shatailít de chuid Iúpatair a bhfuil a bhfithisí ag athrú gan stad, ós rud é go bhfuil corraíl na Gréine agus na bpláinéad ag dul i bhfeidhm orthu.
Elara | |
---|---|
Cineál | gealach de chuid Iúpatair agus gealach neamhrialta |
Fionnachtaí | Charles Dillon Perrine |
Dáta fionnachtana | 2 Eanáir 1905, Réadlann Lick |
Eapainm | Elara |
Réad tuismitheora | Iúpatar |
Sonraí fithiseacha | |
Ais mhór a | 11,676,677 km |
Éalárnacht e | 0.2174 |
Tréimhse fhithiseach P | 259.64 d |
Claonadh i | 30.51712 ° |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Ga | 43 km[1] |
Méid dhealraitheach (V) | 16.3 (banda V) |
Mais | 870 Eg[2] |
Meándlús | 2.6 g/cm³ |
Ailbéideacht | 0.04 [1] |
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- ↑ 1.0 1.1 “NASA FACTS” (Béarla). NASA.
- ↑ URL tagartha: https://ssd.jpl.nasa.gov/?sat_phys_par. Dáta rochtana: 5 Meán Fómhair 2020.