Elton John
Is amhránaí, pianódóir agus cumadóir Sasanach é Sir Elton Hercules John (a rugadh ar an 25 Márta, 1947), a bhfuil rath agus omós domhanda bainte amach aige le níos mó ná 450 milliúin ceirnín díolta aige. Tá 30 albam seolta aige lena chomhoibrí cumadóireachta - an liriceoir Bernie Taupin - ón bhliain 1967 i leith.
Elton John | |
---|---|
| |
Saol | |
Ainm iomlán | Reginald Kenneth Dwight |
Eolas breithe | Pinner, Márta 25, 1947(74 bliain d’aois) |
Náisiúntacht | An Ríocht Aontaithe |
Teanga dhúchais | An Béarla |
Muintir | |
Céile/Céilí |
Renate Blauel (en) ![]() David Furnish (Nollaig 21, 2014 - |
Oideachas | |
Alma mater |
Royal Academy of Music Ollscoil Londain |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm |
amhránaí is scríbhneoir, cumadóir, amhránaí, aisteoir scannáin, giotáraí, pianódóir, ealaíntóir taifeadadh agus HIV activist (en) ![]() |
Áit oibre | Nua-Eabhrac |
Saothar iomráiteach |
Procol Harum's Billy Elliot the Musical (en) ![]() |
Duais |
liosta iomláin ![]() Grammy Legend Award (1999) MusiCares Person of the Year (2000) Rock and Roll Hall of Fame (1994) Silver Clef Award ![]() Disney Legends (2006) ![]() Johnny Mercer Award (2013) Legion of Honour ![]() Academy Award for Best Original Song (Márta 27, 1995) : Can You Feel the Love Tonight (en) ![]() Golden Globe Award for Best Original Song (Eanáir 21, 1995) : Can You Feel the Love Tonight (en) ![]() Crystal Award (2018) |
Ainmníodh é/í le haghaidh |
liosta iomláin [[Grammy Award for Best New Artist (en) ]]
(1971) [[Grammy Award for Song of the Year (en) ]] (Eanáir 6, 1995) : [[Can You Feel the Love Tonight (en) ]] [[Grammy Award for Best Song Written for Visual Media (en) ]] (Eanáir 6, 1995) : [[Can You Feel the Love Tonight (en) ]] [[Academy Award for Best Original Song (en) ]] (Feabhra 14, 1995) : [[Circle of Life (en) ]] |
Sloinnte | Elton John |
Gluaiseacht ealaíne |
rac-cheol popcheol rac rac glam rac bog Ceol rithim agus gormacha |
Cineál gutha |
baratón teanóir |
Uirlis cheoil |
pianó ceol gutha |
Lipéad ceoil |
Universal Records (en) ![]() Island Records (en) ![]() Philips Records (en) ![]() DJM Records (en) ![]() Uni (en) ![]() Geffen Records (en) ![]() Paramount Records (en) ![]() Rocket Records (en) ![]() Mercury Records MCA Records (en) ![]() Def Jam Recordings (en) ![]() |
IMDb | nm0005056 |
eltonjohn.com | |
![]() |
Saolaíodh Elton John i bPinner, baile beag den lucht oibre in iarthuaisceart na príomhchathrach. Bhí dúil mhór aige sa cheol ón chliabhán agus d'fhoglaim sé a cheird ar phianó an tí. Agus an bhliain 1962 ann, chuaigh sé isteach ina chéad banna - grúpa rithim agus na gormacha darbh ainm Bluesology. Sa bhliain 1967, bhuail lena dhlúthchara agus comhchumadóir fad téarmach Bernie Taupin tar éis mír sa nuachtán ag lorg cumadóiri. Réitigh an bheirt lena chéile ón tús agus chaitheadar dhá bhliain ag cumadh amhrán d'amhránaithe amhail Lulu. Le linn na tréimhse céanna, bhí se thar a bheith gníomhach mar phianódóir ar ceirníní móra na seascaidí (The Hollies agus araile).
Scaoil John a chéad albam mar cheoltóir aonair (Empty Sky) sa bhliain 1969, agus b'é an rian "Your Song" óna dara halbam (Elton John) a shroich barr na gcairteacha sa bhliain ina dhiaidh. Chuaigh John i gcion ar ghlúin éagsúla nua sna 1990idí mar thoradh ar fhuaimrian an cartúin de chuid Disney The Lion King agus na ceoldrámaí Aida agus Billy Elliot the Musical. Tá iliomad duaiseanna buaite aige thar na blianta - Grammy, Tony agus Disney Legend.
Fear aerach pósta atá ann. Phós sé David Furnish sa bhliain 2005 agus tá beirt clainne uchtaithe acu. Taobh amuigh den cheol, is fear mór peile é le fada an lae, agus na blianta caite aige ina chathaoirleach ar a chumann áitiúil Watford FC. Bronnadh uachtarántacht oinigh air sa bhliain 2005.
DioscliostaCuir in Eagar
Albaim stiúideoCuir in Eagar
- 1969: Empty Sky
- 1970: Elton John
- 1971: Tumbleweed Connection
- 1971: Madman Across The Water
- 1972: Honky Château
- 1973: Don’t Shoot Me I’m Only The Piano Player
- 1973: Goodbye Yellow Brick Road
- 1974: Caribou
- 1975: Captain Fantastic And The Brown Dirt Cowboy
- 1975: Rock Of The Westies
- 1976: Blue Moves
- 1978: A Single Man
- 1979: Victim Of Love
- 1980: 21 At 33
- 1981: The Fox
- 1982: Jump Up!
- 1983: Too Low For Zero
- 1984: Breaking Hearts
- 1985: Ice On Fire
- 1986: Leather Jackets
- 1988: Reg Strikes Back
- 1989: Sleeping With The Past
- 1992: The One
- 1993: Duets
- 1995: Made In England
- 1997: The Big Picture
- 2001: Songs From The West Coast
- 2004: Peachtree Road
- 2006: The Captain And The Kid
- 2013: The Diving Board
- 2016: Wonderful Crazy Night
BeoCuir in Eagar
- 1971: 17-11-70
- 1976: Here and There
- 1987: Live in Australia
- 2000: One Night Only
BailiúcháinCuir in Eagar
- 1974: Greatest Hits
- 1977: Greatest Hits Vol. 2
- 1987: Greatest Hits Vol. 3
- 1990: To Be Continued
- 1990: The Very Best of
- 1992: Rare Masters
- 1997: Love Songs
- 2002: Greatest Hits 1970–2002
- 2006: Christmas Party
- 2007: Rocket Man - The Definitive Hits
FuaimriainCuir in Eagar
- 1970: The Games
- 1971: Friends
- 1994: The Lion King (Ceol breise: Hans Zimmer; Liricí: Tim Rice)
- 1999: The Muse
- 2000: The Road to El Dorado
CeoldrámaíCuir in Eagar
- 1999: AIDA
- 2002: The Lion King
- 2005: Billy Elliot
- 2005: Lestat