Emil Abderhalden
Bithcheimiceoir conspóideach Eilvéiseach ab ea Emil Abderhalden (9 Márta, 1877 – 5 Lúnasa, 1950). Rugadh é in Oberuzwill i gCantún St. Gallen.
Rinne Emil Abderhalden staidéar ar an Leigheas in Ollscoil Basel agus bhain sé céim amach mar dhochtúir i 1902. Ina dhiaidh sin chuaigh sé chun staidéar a dhéanamh i saotharlann Emil Fischer agus d'oibrigh sé in Ollscoil Bheirlín. I 1911 bhog sé go hOllscoil Halle, áit ar mhúin sé fiseolaíocht sa scoil leighis.
Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, bhunaigh sé ospidéal do leanaí a bhí ag fulaingt de bharr easpa bia. D’aistrigh sé paistí ón nGearmáin go dtí an Eilvéis. Tar éis seo go léir, thosaigh sé ar thaighde sa Cheimic Fhiseolaíoch agus thosaigh sé ag staidéar Meitibileacht agus Bithcheimic.
Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, d'fhill sé ar an Eilvéis, áit a ghlac sé post ag Ollscoil Zürich.
Fuair Emil Abderhalden bás i Zurich ag 73 bliain d’aois.