Eochaidh Ua Floinn

file Éireannach

File agus Ollamh Éireann ba ea Eochaidh Ua Floinn (bás 984).

Infotaula de personaEochaidh Ua Floinn
Beathaisnéis
Bás984
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Caomhnaítear a chuid dánta i Leabhar Mór Leacáin, Leabhar Gabhála na hÉireann i measc lámhscríbhinní eile. Faightear ina measc dánta faoi na hionraí éagsúla ar Éirinn. Déanann Edward O'Reilly cur síos orthu ina leabhar, Irish Writers.[1]

Deir Seathrún Céitinn maidir leis:

... deir Eochaidh Ua Floinn 'sna rannaibh seo; agus fá hé árd-ollamh Éireann re filidheacht é i n-a aimsir:
Ceathrar mac ba gríobhdha[2] glór,
Do phríomh-chlainn ag Partholón;
Do ghabh le' chéile fa sheol
Treabha Éireann gan aithcheodh.[3] srl.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Transactions of the Iberno-Celtic Society for 1820" (1820) Vol I (Part I). Baile Átha Cliath: Iberno-Celtic Society. Dáta rochtana: 2010-06-11. 
  2. gríobhach, fíochmhar
  3. agóid, cur i gcoinne


Réamhtheachtaí
Cinaedh Ua hArtagáin
Ollamh Éireann
975–984
Comharba
Urard mac Coise