Cinaedh Ua hArtagáin

file Éireannach

File agus ollamh ba ea Cionaoth Ó hArtagáin (Meán-Ghaeilge Cináed ua hArtacáin) (bás 975). Ina ard-ollamh Leath Choinn a bhí sé de réir Annála Tiarnaigh, agus ollamh Éireann uile de réir Annála Uladh.

Infotaula de personaCinaedh Ua hArtagáin
Beathaisnéis
Bás975
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Cuireann nóta ar imeall Annála Uladh gur bhall de Shíol Aodha Sláine, clann d'Uí Néill an Deiscirt, é Cionaoth.[1] Seachas bliain a bháis, níl aon rud eile ar eolas againn faoi. Déanann Edward O'Reilly chur síos ar a chuid saothar in 'Irish Writers', LXXXVIII.[2]

Scríobh Cináed dinnseanchas maidir le ríthe Bhreá.[1] Is é a dhán is uaillmhianaí ná cur síos ar uaigheanna de ghaiscígh suntasacha, faoin teideal ‘Fianna bátar i nEmain’.[1] Cinn sé adhmholadh ar Chongalach mac Mael Mithig (bás 956), rí Bhreá.[3] Is amhlaidh go raibh sé fostaithe freisin ag rí Lochlannach Agus Cliath, Olaf Cuarán (Olaf Sihtricson).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 John Carey, "Cináed ua hArtacáin (d. 975)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004.
  2. "Transactions of the Iberno-Celtic Society for 1820" (1820) Iml. I (Cuid I). Baile Átha Cliath: Iberno-Celtic Society. 
  3. "Cináed Ó hArtacáin", Ricorso: A Knowledge of Irish Literature, 1990-2010, eag. Bruce Stewart


Réamhtheachtaí
Cormacán Éigeas
Ollamh Éireann
946–975
Comharba
Eochaidh Ua Floinn