Tráill agus fealsamh ó Impireacht na Róimhe a ghlac leis an Stóchas ab ea Epictetus (Sean-Ghréigis: Ἐπίκτητος, Epíktētos; c.50 – c.135 AD).[1] Rugadh é sa Fhrigia, ríocht na Gréige, san Anatóil. Ba thráill a mháthair agus díoladh í le fear saibhir sa Róimh darb ainm Epaphroditos, rúnaí Néaró. Ciallaíonn an t-ainm ceannaithe sa Ghréigis. Cé go raibh sé ina thráill, tugadh cead dó freastal ar ranganna fealsúnachta a chum Gaius Musonius Rufus. Chuir sé sin feabhas ar a stádas. Scaoileadh Epictetus timpeall 68 agus thosaigh sé ag múineadh fealsúnachta, an tImpire Hadrianus ina measc. Cuireadh iallach ar Epictetus an Róimh a fhágáil chun dul anonn go Nicopolis i 94 nuair a dhíbir Domitianus gach uile fhealsamh. Bhí tionchar an-láidir aige ar Marcas Áiréilias.[2]

Infotaula de personaEpictetus

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(grc) ΕΠΙΚΤΗΤΟΣ Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 50
Hierapolis Cuir in eagar ar Wikidata
Bás138
87/88 bliana d'aois
Niocapoil, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht
Gairmfealsamh, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaImpireacht na Róimhe
GluaiseachtStóchas
Mac/iníon léinn de chuidGaius Musonius Rufus
Mac/iníon léinnArrian agus Demonax
TeangachaAn tSean-Ghréigis


Musicbrainz: 15d1db1e-abf4-4d89-a5c3-36e42434880c Discogs: 3922397 Goodreads author: 13852 Goodreads character: 55002 Project Gutenberg: 452 Cuir in eagar ar Wikidata

An rud a dúirt sé

cuir in eagar

Tá smacht orainn ar chorr rud, agus corr rud nach bhfuil. Tá tuairimí, impleachtaí, mianta agus aimhréidhe faoin ár gcumhacht; agus go dearbh, gach uile rud a ní sinn. Chan fhuil rogha againn i dtaobh an choirp, airgid, glóir nó rialtais. A mhalairt ar fad, na rudaí nach ndéanann sinn féin.[3]

  1. Pedro P. Fuentes González. art. "Épictète", ann an R. Goulet, Dictionnaire des Philosophes Antiques III, Páras, CNRS, 2000, 106–151 ISBN 2-271-05748-5.
  2. Werner Sohn, Epictetus: Ein erzkonservativer Bildungsroman mit liberalen Eselsohren, Norderstedt, BoD, 2010 ISBN 978-3-8391-5231-7.
  3. Res quaedam in potestate nostra sunt, quaedam non sunt. In nostra potestate est opinio, appetitio, desiderium, averatio; et, ut uno complectar verbo, quaelibet nostrae actiones. Nostri arbitrii non sunt corpus, pecunia, gloria, imperia: ad summam, ea quae ipsi non agimus, omnia.