Eurostat
Is í An Oifig Staidrimh Eorpach, ar a dtugtar Eurostat, oifig staidrimh an Choimisiúin Eorpaigh, a tháirgeann sonraí ar an Aontas Eorpach agus a chuireann chun cinn comhoiriúnú modhanna staidrimh na stát a chomhdhéanann é.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh seirbhís staitistiúil | ||||
Réimse oibre | staidreamh | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1953 | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
Scannal Eurostat | |||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | DDI Alliance (en) International Statistical Institute (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú (1998–) | |||||
Máthaireagraíocht | an Coimisiún Eorpach | ||||
Cuid de | Córas Staidrimh na hEorpa | ||||
Suíomh gréasáin | ec.europa.eu… | ||||
Ta dhá cheann dá róil thar a bheith tábhachtach:
- táirgeadh sonraí maicreacnamaíocha a thacaíonn le cinntí an Bhainc Cheannais Eorpaigh ina bheartas airgeadaíochta don euro, agus
- táirgeadh sonraí réigiúnacha agus aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh, a threoraíonn beartais struchtúracha an Aontais Eorpaigh.
Tá Eurostat ar cheann d'Ard-Stiúrthóireachtaí an Aontais Eorpaigh agus tá sé bunaithe i Lucsamburg. Is í Mariana Kotzeva an tArd-Stiúrthóir atá aige faoi láthair agus faigheann sí cúnamh ó 7 stiúrthóir, agus a n-earnáil gníomhaíochta féin ag gach ceann díobh laistigh de Eurostat.