Is iriseoir spóirt Éireannach agus láithreoir teilifíse í Evanne Ní Chuilinn (a rugadh 5 Meán Fómhair 1981). Tá sí ag obair faoi láthair mar láithreoir nuachta spóirt ar RTÉ News: Six One.[1]

Infotaula de personaEvanne Ní Chuilinn
Beathaisnéis
Breith1981
42/43 bliana d'aois
Cill Chainnigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2004 –

Bhain Ní Chuilinn céim amach in OÉ Gaillimh.[2]

Thosaigh Ní Chuilinn a gairm phroifisiúnta mar fho-eagarthóir le RTÉ Sport in 2004, áit ar oibrigh sí ar chláir spóirt éagsúla ar chúl stáitse. Chuaigh sí ar aghaidh go RTÉ Raidió 1 agus RTÉ 2fm, áit ar léigh sí na scéalta nuachta spóirt gach uair an chloig. Bhí sí ina comhláithreoir ar chraoltaí beo ar chluichí Gaelacha éagsúla. Rinneadh tuairisceoir teilifíse di sa bhliain 2006, ar an gclár spóirt OB Sport ar dtús, ansin mar thuairisceoir taobhlíne ar an Sunday Game in 2007.

In 2008, thosaigh Ní Chuilinn ag obair le Nuacht RTÉ, mar thuairisceoir spóirt ar dtús, agus go gairid ina dhiaidh sin mar láithreoir nuachta spóirt ar RTÉ News: Six One. Ó shin i leith, tá roinnt imeachtaí móra spóirt clúdaithe aici, na Cluichí Oilimpeacha san áireamh.

Fógraíodh in 2023 go gcuirfidh Ní Chuilinn an chéad chraoladh iomlán i nGaeilge ar chluichí ceannais Chraobh Shinsir Iomána na hÉireann i láthair.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Evanne Ní Chuilinn on love, loss and meeting her birth mother”. RTÉ News (23 November 2017). Dáta rochtana: 11 January 2018.
  2. "NUIG to host Olive Loughnane". Galway Advertiser. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 Feabhra 2019. “Hosted by the NUI Galway alumni group, Olive Loughnane will be in conversation with RTÉ sports journalist and NUI Galway graduate Evanne Ní Chuilinn at 6.30pm on Thursday, November 12.”
  3. Pádraic Ó Ciardha (2023-07-20). "‘Tá súil agam go leanfar leis’ – craoladh iomlán i nGaeilge le déanamh ar chluiche ceannais na hÉireann". Dáta rochtana: 2023-07-20.