Fánaíocht (bitheolaíocht)

Is éard is fánaíocht ann sa bhitheolaíocht ná feiniméan trína bhfeictear ainmhithe aonair i bhfad lasmuigh dá raon gnáthaithe.[1] Tugtar fánaí ar ainmhithe aonair a léiríonn an fhánaíocht. Úsáidtear an téarma timpisteach (“accidental” sa Bhéarla) uaireanta. Tá roinnt fachtóirí ann a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hainmhí a bheith ina fhánaí - tá tosca géiniteacha agus cúrsaí aimsire ann, mar shampla - ach ní thuigtear go maith na cúiseanna ar an iomlán.[2] Is féidir le fánaíocht a bheith ina réamhtheachtaí don choilíniú má mhaireann neacha aonair.

Sléibhín an gháire, speiceas Meiriceánach; tógadh an grianghraf sa Bhreatain Bheag.

Is eol go dtarlaíonn an fhánaíocht i réimse leathan ainmhithe mar éin, feithidí, mamaigh agus turtair mhara.

Tagairtí cuir in eagar