Fíachu Findoilches

rí Éireannach

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Finnfholachas (Sean-Ghaeilge Findoilches) mac Fínnachta. I roinnt foinsí, glaotar Fíachu Cendfinnán (Ceannfhionnán) air, b'fhéidir á mheascadh le rí na bhFear Bolg den ainm céanna.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarFíachu Findoilches
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairFínnachta Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig sé i gcoróin le bás a uncail Géde Ollgothach, a chuir lámh ina bhás féin, de réir roinnt foinsí. Deirtear go raibh ceann fionn ag gach bó (nó bláth) in Éirinn i rith a réime, agus gur éiligh sé cáin ar a leithéid. De réir na scéalta, ba é an chéad rí a bhí i mbun tobair a thochailt, ach go bhfuair an t-arbhar bás ar a ghas le linn a achair.[1] Bhunaigh sé Ceanannas, Contae na Mí.[2] Bhí sé i réim ar feadh fiche nó tríocha bliain, sular mharaigh Berngal mac Géde Ollgothach é, mar chúiteamh ar a athairse.

Achar ama cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála na gCeithre Máistrí, 3971–3991
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 237
  3. Foras Feasa ar Éirinn, 1.26


Réamhtheachtaí
Géde Ollgothach
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1231–1209 RC
FFÉ 863–833 RC
Comharba
Berngal