Is éard is FTP (File Transport Protocol) nó PAC (Prótacal Aistrithe Comhad) ná sraith de rialacha caighdeánacha a úsáidtear i ríomhairí chun cumarsáid a mhalartú ar fud an Idirlín agus chun comhaid a aistriú idir córais atá ceangailte tríd an Prótacal Rialaithe Tarchurtha/Prótacal Idirlín (TCP/IP). Tá FTP tógtha ar ailtireacht chliaint/freastalaí agus úsáideann sé naisc rialúcháin agus rialaitheoirí sonraí faoi leith idir an cliant agus feidhmchláir na bhfreastalathe. Bhíodh na feidhmchláir idirghníomhach ar dtús, uirlisí líne na n-orduithe, le comhréir ordaithe caighdeánach, ach tá comhéadain ghrafaigh úsáideora a fhorbairt do gach córas oibriúcháin in úsáid inniu.

FTP.

Úsáidtear TCP freisin go minic mar comhbhall feidhmchláir chun comhaid a aistriú go huathoibríoch le haghaidh feidhmeanna inmheánacha ríomhchláir. Is féidir TCP a úsáid le fíordheimhniú pasfhocail a bhíonn úsáideoir-bunaithe nó le cead isteach ag úsáideoirí gan ainm. Tá an Prótacal Aistrithe Comhad Beagbhríoch (TFTP) (Béarla: Trivial File Transfer Protocol) cosúil leis an Phrótacal Aistrithe Comhad, ach tá sé simplithe agus níl sé comh-inoibritheach, agus is leagan neamh bharántúil é.