Is éard atá i gceist leis an bhfalcóg mhór ná speiceas éin a chuaigh in éag faoi lár na naoú haoise déag. Is é an t-ainm eolaíoch atá air ná Pinguinus impennis. Cé go bhfuil an fhalcóg mhór cosúil leis na piongainí, níl sí gaolmhar leo - fuair siad a n-ainm uaithi, áfach, nó is é pen gwyn ainm Breatnaise na falcóige móire, agus chuaigh sé in úsáid i dteangacha eile fosta. Ceann de na hAlcidae í an fhalcóg mhór, is é sin, bhí dlúthghaol aici leis an bhforacha (an t-éan aille) Uria aalge agus leis an gcrosán Alca torda. Bhí an fhalcóg mhór 75-85 ceintiméadair ar airde agus timpeall ar chúig cileagraim ar meáchan.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFalcóg mhór
Pinguinus impennis Cuir in eagar ar Wikidata
Great Auk (Pinguinis impennis) specimen, Kelvingrove, Glasgow - geograph.org.uk - 1108249.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Airde 85 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Mais 5 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Status iucn3.1 EX.svg
Speiceas díofa, (1852)
UICN 22694856 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
RangAves
OrdCharadriiformes
FineAlcidae
GéineasPinguinus
SpeiceasPinguinus impennis Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Léarscáil de raon an tacsóin
GreatAukMap.svg
Cuir in eagar ar Wikidata

Ní chuireadh an fhalcóg mhór ach aon ubh amháin in aghaidh aon séasúr goir amháin, rud a chiallaigh go raibh líon na n-éanacha seo sách mall ag dul i méadaíocht fiú faoi na himthosca ab fhabhraí. Ní raibh siad in ann eitilt ar bith a dhéanamh, agus nuair a thagadh na foghlaeirí, bhíodh na falcóga móra sách mall ag teitheadh uathu. Bhí an-mheas ag na mairneálaigh ar fheoil na falcóige móire, agus fuarthas a cuid cleití úsáideach chomh maith. Mar sin, ní ábhar iontais é i ndiaidh an iomláin an dóigh a ndeachaigh an t-éan seo in éag.

Roimh dhíothú an speicis bhí an fhalcóg mhór le feiceáil ar feadh an Atlantaigh Thuaidh san Oileán Úr agus san Eoraip araon, agus í ag marú iasc. Dealraíonn sé áfach nach raibh ach fiche áit ag an bhfalcóg mhór ar fud an domhain le neadacha a thógáil agus an ubh aonair a ghoradh. Bhí aillte arda agus fargáin ag teastáil ón bhfalcóg mhór le haghaidh na neide, agus ní raibh an timpeallacht oiriúnach ar fáil di ach i mbeagán áiteanna.

An lánúin dheireanach a bhí ag goradh uibhe, maraíodh í in Eldey, oileán beag in aice leis an Íoslainn, sa bhliain 1844. Cuireadh sonrú san éan deireanach den speiceas i dTalamh an Éisc sa bhliain 1852.

Ar na saolta deireanacha seo táthar ag caint ar athbheochan an speicis trí úsáid a bhaint as pé iarsmaí ADN atá fágtha de sna iarsmalanna staire nádúrtha, go háirithe sna héanacha a ndearnadh seitheadóireacht orthu.

Féach freisinCuir in Eagar

Colm imirce