Éanmara is ea an fhalcóg. den fhine Alcidae san ord Charadriiformes. Áirítear leis an bhfine seo forachain, aethia, puifíní, agus brachyramphus.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFalcóg
Alcidae Cuir in eagar ar Wikidata
Parakeetauklets2.jpg
Falcóigín phearaicíteach Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
RangAves
OrdCharadriiformes
FineAlcidae Cuir in eagar ar Wikidata
Leach, 1820

Seachas an fhalcóg mhór dhíofa, bíonn gach ceann acu iomráiteach as a gcumas "eitilte" faoin uisce móide san aer. Cé go bhfuil siad sármhaith ag snámh agus ag tumadóireacht, tá a gcumas siúlóide thar a bheith ciotach.

Tá cosúlacht dealraitheach acu leis na piongainí, cé nach bhfuil siad ón fhine chéanna. Comhchlaonadh éabhlóideach ba chúis leis, áfach.