Mianach scéil ón nGearmáin is ea an miotas faoi Faust. Tá an mianach scéil seo bunaithe ar fhíor-dhuine stairiúil, fear darbh ainm Johann Faust, agus é beo sna blianta 1480-1541, a bheag nó a mhór. Astralaí, misteach agus rúndiamhróir taistil a bhí ann, agus bhí sé ina scéal i mbéal na ndaoine go raibh conradh de chineál éigin socraithe aige leis an diabhal. I ndiaidh a shaoil, níor coinníodh ach mearchuimhne air a d'iompaigh ina miotas faoi fhear a bhí chomh fiosrach is gur dhíol sé a anam leis an diabhal le fáil amach faoi rúndiamhrachtaí na hollchruinne.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarFaust

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálduine ficseanúil
pearsa fhinscéalach
carachtar liteartha
carachtar ceoldrámaíochta
carachtar ceolamharclannaíochta
carachtar béaloidis
carachtar drámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharFaust legend (en) Aistrigh, Historia von D. Johann Fausten, The Tragical History of Doctor Faustus, Faust, Faust up to date, Doktor Faust agus Faust Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1540 (Féilire Ghréagóra) Cuir in eagar ar Wikidata
Faust in eitseáil le Rembrandt.

Is iomaí sin casadh a baineadh as scéal Faust i rith na mblianta, ach is é dráma millteanach Johann Wolfgang von Goethe an leagan is tábhachtaí. D'athraigh Goethe an tuiscint ar charachtar Faust go mór, nó is é an chiall a bhain sé féin as ná gurbh é Faust an fear Renaissance a bhí tar éis é féin a shaoradh ó bhráca na hEaglaise. Leagan tábhachtach eile is ea Doktor Faustus, an t-úrscéal le Thomas Mann, a shuíonn scéal Faust i saol an Naitsíochais.

Tagairtí cuir in eagar