Is cineál gníomhaíochais é ardú feasachta (ar a dtugtar múscailt comhfheasaardú tuisceana freisin[1]). Is minic a bhíonn sé i bhfoirm grúpa daoine a dhéanann iarracht aird ghrúpa níos leithne a dhíriú ar chúis nó riocht éigin.

Tháinig an téarma chun cinn ag deireadh na 1960idí sna Stáit Aontaithe chun aird a tharraingt ar cheist chearta na mban. I measc na saincheisteanna coitianta, tá galair (m.sh. ailse chíche, SEIF), coinbhleachtaí (m.sh. cinedhíothú Darfur, téamh domhanda), gluaiseachtaí (m.sh. Greenpeace, PETA, Earth Hour), agus páirtithe polaitiúla nó polaiteoirí. is minic gurb é an chéad ghníomhaíocht a mbíonn aon ghrúpa abhcóideachta ag gabháil dó na feasacht a ardú, ionas go n-athróidh sé an chaoi a láimhseálann na hinstitiúidí ábhar buartha,

Go praiticiúil, is minic a dhéantar ardú feasachta a chomhcheangal le gníomhaíochtaí eile, mar shampla gníomhaíocht tiomsaithe airgid, tiomantais ballraíochta, nó abhcóideacht, d’fhonn leas lucht tacaíochta nua a thapú agus / nó a chothú, a d’fhéadfadh a bheith ar a airde díreach tar éis dóibh foghlaim agus díleá an fhaisnéis nua.

Úsáidtear an téarma ardú feasachta i bPrionsabail Yogyakarta i gcoinne dearcaí idirdhealaitheacha [2] agus steiréitíopaí LADT, chomh maith leis an gCoinbhinsiún um Chearta Daoine faoi Mhíchumas chun steiréitíopaí, claontachtaí agus cleachtais dhochracha a chomhrac i leith daoine faoi mhíchumas.[3]

Téarmaíocht cuir in eagar

Go dtí tús an 17ú haois, d’úsáid cainteoirí Béarla an focal “consciousness” sa chiall “eolas morálta ar cheart nó mícheart” - coincheap dá ngairtear “ "conscience" (Gaeilge:'coinsias') inniu.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "consciousness raising - Aistriúchán Gaeilge ar consciousness raising (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2020-11-23.
  2. The Yogyakarta Principles, Article 2, 9, 15
  3. [[ An Coinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas|Convention on the Rights of Persons with Disabilities]], Airteagal 8 "Ardú feasachta"