Uair ar son an Domhain
Ceiliúrtar "Uair ar son an Domhain" (Earth Hour i mBéarla) oíche amháin sa bhliain[1], ar an 29 Márta, idir leathuair tar éis a hocht i.n. agus leathuair tar éis a naoi i.n. (is cuma an t-amchrios – an t-amchrios aitiúil atá i gceist). Ar fud an domhain. múchann daoine na soilse nach bhfuil ag teastáil ina dtithe. Ba mhaith leo a thaispeáint do na polaiteoirí go bhfuil siad imníoch faoin domhan agus faoin timpeallacht.
StairCuir in Eagar
Cuireadh tús le Earth Hour sa bhliain 2007 ó shin i Sydney na hAstráile le hocáid “soilse múchta”. Bíonn na milliúin páirteach ann anois ar fud an domhain.
In ÉirinnCuir in Eagar
Le linn "Uair ar son an Domhain 2017", i ngotha siombalach chun léiriú gur féidir gníomhartha duine aonair dul i bhfeidhm ar an domhain mhór, mhúch gach solas neamhriachtanach in Áras an Uachtaráin, seachas solas an Uachtaráin a lonraíonn ó fhuinneog d’eisimircigh na hÉireann agus a sliocht[2].
ConspóidCuir in Eagar
Tá roinnt daoine ar son an choincheapa seo, “Uair ar son an Domhain.” Agus tá daoine eile ina aghaidh[3]. Deir siad nach bhfuil gá fanacht bliain eile. Is féidir linn na soilse breise a mhúchadh anocht, agus gach oíche sa bhliain.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Eleathanach 258, 27 Márta 2017
- ↑ president.ie
- ↑ blogs.transparent.com