Ciste Domhanda Fiadhúlra

Eagraíocht dheonach idirnáisiúnta a bunaíodh i 1961 é an Ciste Domhanda Fiadhúlra (Béarla: World Wide Fund for NatureWWF), a phríomhoifig san Eilvéis. Tá mar aidhm aige eolas a scaipeadh chun ainmhithe fiáine, plandaí is áiteanna atá i mbaol a chaomhnú, agus úsáid níos éifeachtaí inmharthanaí a bhaint as acmhainní nádúrtha an Domhain. Is é Ciste Fiadhúlra an Domhain (CFD) an t-eagras caomhnaithe dúlra is mó ar domhan agus tá ioncam de $200 milliún in aghaidh na bliana.

Bosca Sonraí EagraíochtaCiste Domhanda Fiadhúlra
(en) World Wide Fund for Nature Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáleagraíocht neamhrialtasach idirnáisiúnta
conservation organization (en) Aistrigh
environmental organization (en) Aistrigh
eagraíocht neamhbhrabúis Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibrecaomhnú an chomhshaoil agus caomhantas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíeagraíocht neamhrialtasach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh 29 Aibreán 1961:  World Wildlife Fund, Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Edward Max Nicholson, An Prionsa Bernhard, Prionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann, Guy Mountfort, Julian Sorrell Huxley, Peter Scott agus Luc Hoffmann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháinidirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deEuropean Environmental Bureau (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon saorálaithe16,000 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú (1979–)
UachtaránachtAdil Najam (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhoifigeach feidhmiúcháinKirsten Schuijt (en) Aistrigh (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe6,000 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de
Iar-ainm
World Wildlife Fund (1961–1986)
World Wide Fund for Nature (1986–2001) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinwwf.org Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: WWF Twitter: WWF Instagram: wwf Youtube: UC5MDIy3yhWDrx0MyDo4QmYg Pinterest: wnfnederland Cuir in eagar ar Wikidata

Feachtais cuir in eagar

 

Tá an Ciste gníomhach i dtimpeall 100 tír. Tá cur amach ag beagnach gach duine ar CFD mar gheall ar a lógó so-aitheanta, an panda. D'eagraigh an Ciste feachtais chun an tíogar, an goraille is an panda a shábháil.

Stair cuir in eagar

 
An Ridire Julian Huxley

Bunaíodh Ciste Fiadhúlra an Domhain ar an 11 Meán Fómhair 1961 i ndiaidh do Sir Julian Huxley sraith alt a scríobh sa nuachtán *The Observer *inar mhaígh sé go raibh fiadhúlra na hAfraice go mór i mbaol. Chuir Huxley an milleán go príomha ar fhorbairt dhaonna na nAfracach. Dar le Huxley, agus uaisle eile na Breataine a bhunaigh CFD[1], ní bheadh stáit nua, neamhspleácha na hAfraice in ann an fiadhúlra a chaomhnú gan treoir an fhir ghil.

 
Prionsa Bernhard, in Ottawa, 1942

Ceapadh Prionsa Bernhard na hÍsiltíre mar chéad uachtarán ar CFD sa bhliain 1961. B’éigean do Bernhard eirí as a cheapachán mar uachtarán ar CFD sa bhliain 1976 nuair a nochtadh le linn éisteachta de chuid Sheanad na Stát Aontaithe gur iarr sé $1 milliún ar Lockheed ina chúiteamh sin go dtabharfaí conradh don chomhlacht aerárthaigh throdaíochta a dhíol leis an Ollainn.

Ceapadh Prionsa Philip na Breataine mar uachtarán ar CFD ina dhiaidh sin.

 
SAS

Ag deireadh na n-1980idí, ghlac CFD páirt in oibríocht rúnda – Operation Lock – inar earcaigh an t-eagras saighdiúirí tuarastail de chuid KAS Enterprises. Ceaptar go forleathan nach raibh in KAS – ar le bunaitheoir an SAS, Sir David Stirling, é – ach scáth folaigh ar M16. Ar aon chuma, bhí KAS le traenáil a chur ar aonad frithphóitseála sna tíortha timpeall na hAfraice Theas. Caitheadh amhras ar fhíoraidhm na hoibríochta, áfach, nuair a tháinig sé chun solais gur baill den ANC a bhí i go leor de na póitseálaithe a maraíodh.

Sa bhliain 1996, chuir an rialtas iar-Apartheid san Afraic Theas fiosrúchán cúirte ar bun a chruthaigh gur úsáid an rialtas Apartheid brabús a tuilleadh as díol eabhair agus acmhainní eile póitseáilte mar fhoinse maoinithe le tíortha máguaird a dhíchobhsú.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Beo, "Rúin ghránna chaomhnóirí an fhiadhúlra", 2008 http://www.beo.ie/alt-ruin-ghranna-chaomhnoiri-an-fhiadhulra.aspx
  2. Hussey, Matt (2011). "Ciste Domhanda Fiadhúlra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 140.