Feargal Ó hAnnluain
Óglach i gColún an Phiarsaigh san IRA ab ea Feargal Ó hAnnluain (2 Feabhra 1936 – 1 Eanáir 1957).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Feabhra 1936 Muineachán, Éire |
Bás | 1 Eanáir 1957 20 bliana d'aois Achadh Lon, Northern Ireland |
Gníomhaíocht | |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Óglaigh na hÉireann |
Coinbhleacht | Feachtas na Teorann |
Teaghlach | |
Siblín | Eighneachán Ó hAnnluain |
Cúlra
cuir in eagarRugadh Ó hAnnluain i mBéal Átha Beithe, Co. Mhuineacháin i dteaghlach láidir poblachtánach. Bhí sé ina dhréachtóir fostaithe ag Comhairle Chontae Mhuineacháin. D'imir sé peil Ghaelach,[2][3] agus bhí sé ina ghníomhaí díograiseach ar son na Gaeilge. Ba Chaitliceach go smior é, agus smaoinigh sé ar dhul le sagartacht. Chaith sé bliain amháin sa chliarscoil i gcoláiste Naomh Mac Artáin.[4] Chuaigh sé isteach san IRA sa bhliain 1956 nuair a bhí sé fiche bliain d'aois.
Ruathar Achadh Lon
cuir in eagarMaraíodh Ó hAnnluain agus Seán Sabhat agus iad ag glacadh páirt in ionsaí ar bheairic Chonstáblacht Ríoga Uladh in Achadh Lon, Contae Fhear Manach, le linn Fheachtas na Teorann. Rinneadh praiseach den ionsaí agus goineadh Ó hAnnluain, Sabhat, agus roinnt ball eile den IRA. Theith an grúpa i ndumpaire a thréig siad é in aice leis an teorainn níos déanaí. D'fhág siad Ó hAnnluain agus Sabhat, an bheirt acu gan aithne gan urlabhra ag an am, i mbóitheach, agus chuaigh siad trasna na teorann isteach i bPoblacht na hÉireann de shiúl cos chun cabhair a fháil dá gcomrádaithe. Thug foireann bháúil in Ospidéal an Mater Misercordiae i mBaile Átha Cliath aire d'fhir an IRA a gortaíodh i “dtimpiste gluaisteáin”, mar dhea.[5]
Freagairt
cuir in eagarD'fhan máthair Uí Annluain lántiomanta don IRA. Chreid sí gur laoch Éireannach a mac, agus ghoill aon tuairim ina aghaidh sin uirthi.[6]
Seasann séadchomhartha marmair anois san áit a bhfuair Ó hAnnluain agus Sabhat bás. Bíonn léacht bhliantúil i gcuimhne ar Ó hAnnluain ar siúl ó 1982, agus d’fhreastail thart ar 500 duine ar chomóradh 50 bliain ar bhás na bhfear in Eanáir 2007 i gCathair Luimnigh.[7][8]
Sa bhliain 1971, nochtadh séadchomhartha in ómós Uí Annluain ina bhaile dúchais, ar chnoc os cionn Bhóthar Chluain Eois ar a ndearna sé a thuras deireanach abhaile. Bunaíodh foireann peile Gaelaí i Muineachán in 2003 agus tugadh na Fergal O’Hanlons orthu.
Toghadh a dheartháir Eighneachán Ó hAnnluain ina Theachta Dála de chuid Shinn Féin in olltoghchán 1957, cé nár ghlac sé a shuíochán de réir pholasaí Shinn Féin ag an am. Bhí a dheirfiúr Pádraigín Uí Mhurchadha ina Comhairleoir de chuid Shinn Féin ar Chomhairle Uirbeach Mhuineacháin.
-
Leac uaighe Uí Annluain
-
Séadchomhartha ina chuimhne
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hoganstand.com - GAA Football & Hurling
- ↑ Bishop, Patrick & Mallie, Eamonn (1987). "The Provisional IRA". Corgi Books.
- ↑ Ella O'Dwyer. “A sister remembers”. An Phoblacht. Dáta rochtana: 28 Bealtaine 2007.
- ↑ Des Fogarty (2006), Seán South of Garryowen, p.108
- ↑ Valerie Robinson. “IRA men's deaths that caught whole country's imagination”. Irish News. Dáta rochtana: 28 May 2007.
- ↑ Coogan (2000). "The I.R.A.": p.313. Harper Collins. ISBN 0006531555. OCLC 1150034948. OL 18728979M.
- ↑ Sabhat/O'Hanlon 50th anniversary: Capacity crowd attends Memorial Lecture
- ↑ Seán Sabhat Commemoration: Positive response from Paisley would move situation forward