Feargal Mac Amhlaoibh
Scríbhneoir, ceoltóir agus gníomhaí teanga ab ea Feargal Mac Amhlaoibh (8 Aibreán 1943 - 26 Nollaig 2023). Ba é cathaoirleach an Fheachtais Náisiúnta Teilifíse agus ba bhall de choiste bunaithe TG4/TnaG é. Fear pobail, fear Gaeltachta, fear feachtasaíochta, gníomhaí teanga, fidléir agus píobaire a bhí ann. Ba as Dumhach Thrá dó ó dhúchas.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 Aibreán 1943 |
Bás | 26 Nollaig 2023 80 bliana d'aois |
Teaghlach | |
Páiste | Muireann Nic Amhlaoibh |
Bhí dhá bhliain caite aige ina shagart in Ard-Dheoise Miami sna Stáit Aontaithe chomh maith le tréimhsí in Éirinn sular chinn sé ar an tsagartóireacht a fhágáil. Bhí sé na bhainisteoir comharchumainn ansin in Inis Oírr agus i gCléire. Bhog Feargal go Dún Chaoin agus is ann a thóg sé féin agus a bhean chéile, an t-aisteoir, Áine Moynihan beirt chlainne, Malachí agus Muireann.
Bhí cónaí air i bParóiste Dhún Chaoin. Aithníodh é mar dhuine de Charachtairí na Leithinse sa tsraithín ‘Carachtairí na Leithinse’ le Sláine Ní Chathalláin.[1]
‘Nuair a bheidh gach rud foghlamtha agat, beidh tú marbh’ - Carachtairí na Leithinse: Feargal Mac Amhlaoibh.
Tháinig sé go Brú na Gráige sa bhliain 1959 agus é mar dhalta i gColáiste Dhroichead Nua. Tá alt dá chuid foilsithe ag Cruit Éireann, agus é ag trácht ar Phiaras Feiritéar agus ar chláirseach a fuair sé ó Éamonn Mac Dómhnaill Mhic an Daill.
Saothair
cuir in eagar- An Lúb ar Lár
Coiscéim 1999. Dírbheathaisnéis an cheoltóra a raibh cónaí air tráth a scríofa i nDún Chaoin ach a shiúil cuid mhór roimhe sin. Súil siar ar shaol na dtíortha inar chaith sé a shaol.
Seoladh leabhar leis 'Port na bPúcaí' (Ponc Press) in Eaglais Naomh Séamus.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Sláine Ní Chathalláin (2022-08-08). "'Nuair a bheidh gach rud foghlamtha agat, beidh tú marbh'" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2023-12-28.