Fearghal Mac Bhloscaidh
Is léachtóir sinsearach agus acadóir Éireannach é an Dr Fearghal Mac Bhloscaidh. Is as Tír Eoghain dó ó dhúchas ach tá sé ina chónaí i mBéal Feirste áit a bhfuil sé ina léachtóir sinsearach sa stair i gColáiste Ollscoile Naomh Muire sa chathair. Tá neart saothar curtha i gcló ag Mac Bhloscaidh ar cheist na haicme, an tseicteachais agus na hidé-eolaíochta le linn blianta na réabhlóide ag tús an fhichiú haois, agus, lena hais sin, ar cheist an athbhreithniúchais. Bhí sé ina chomheagarthóir ar shaothar tábhachtach a foilsíodh le déanaí dár dteideal Bread not Profits: Provincial working class politics during the Irish Revolution. Thug sé léacht uaidh ar ‘Athghabháil na Gaeilge’ ag comhdháil i mBéal Feirste dár dteideal Díchoilíniú: Teanga, Cultúr agus Pobal samhradh na bliana 2023. Bíonn sé le clos ar Raidió na Gaeltachta go minic. Bíonn ailt staire agus tuairimíochta rialta uaidh le fáil ar a bhlag https://blosc.wordpress.com/.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Iúil 1978 46 bliana d'aois Contae Thír Eoghain, Northern Ireland |
Gníomhaíocht | |
Gairm | léachtóir |
Fostóir | Coláiste Ollscoile Naomh Muire |
Teangacha | An Ghaeilge |
Foilseacháin
cuir in eagar- Fenians & Ribbonmen, Manchester University Press, 2011
Teilifís
cuir in eagar- Sheehy Skeffington: Síochánaí - ón gcomhlacht léiriúcháin Dearcán Media
- Cogadh Faoi Cheilt: Scéal an IRB, 2019.