Feirm (clár teilifís)

sraith theilifíse ar TG4

Clár Gaeilge atá á chraoladh ar TG4 ó 23 Deireadh Fómhair, 2014 go dtí 27 Samhain, 2014 é Feirm.

Infotaula de sèrie de televisióFeirm
TírÉire
Bunteangaan Ghaeilge
Bealach teilifíseTG4
Líon séasúr1
Líon eipeasóidí6

Eipeasóidí

cuir in eagar
Uimhir Eipeasóid Dáta craolta Lucht féachana
1 Eipeasóid 1 23 Deireadh Fómhair, 2014
Casann Jamie Costin le feirmeoirí déiríochta eile, taighdeoirí talmhaíochta agus gnóthaí talmhaíochta leis an nuálaíocht atá ar bun san earnáil déiríochta a fhiosrú.
2 Eipeasóid 2 30 Deireadh Fómhair, 2014
Is bianna an-tábhachtacha de chuid na hÉireann iad muiceoil agus uaineoil. Fiosróidh Jamie an nuálaíocht atá ar bun ó thaobh na feirmeoireachta de agus ó thaobh táirgeachta de sna hearnálacha caorach agus muc.
3 Eipeasóid 3 6 Samhain, 2014
Cé gur earnáil sách beag í earnáil an arbhair in Éirinn cuireann sí go mór le geilleagar na tíre. Fiosraíonn Jamie Costin an méid atá ar bun san earnáil anseo ó thaobh caomhnú grán, forbairt eolaíochta agus úsáid na teicneolaíochta.
4 Eipeasóid 4 13 Samhain, 2014
Cúrsaí teicneolaíochta agus nuálaíochta in earnáil na foraoiseachta in Éirinn a bheidh á phlé ag Jamie Costin anocht. Tá an tír páirteach i bhfeachtas idirnáisiúnta chun a cuid astuithe carbóin a choinneáil faoi leibhéal áirithe.
5 Eipeasóid 5 20 Samhain, 2014
6 Eipeasóid 6 27 Samhain, 2014
Nuálaíocht in earnáil na mairteola a bheidh á phlé ag Jamie anocht. Casfaidh sé le Sinead Waters as Teagasc chun géanómaíocht a phlé, is é sin úsáid na géineolaíochta i bpórú eallaigh.