Feis (leabhar)
cnuasach filíochta le Nuala Ní Dhomhnaill
Seo leabhar leis an bhfile Éireannach Nuala Ní Dhomhnaill. Cnuasach filíochta atá ann. D'fhoilsigh An Sagart é sa bhliain 1991. I measc na saothar atá ann tá Tusa (Dán) agus Aubade (Dán). Dúirt scríbhneoir de chuid www.beo.ie, Éamonn Ó Dónaill:
Cineál | bailiúchán filíochta |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Nuala Ní Dhomhnaill |
Foilseachán | 1991 |
Foilsitheoir | An Sagart |
- "Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar an lá i 1991 a seoladh an cnuasach filíochta Feis le Nuala Ní Dhomhnaill i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Ní fhaca Nuala an leabhar go dtí díreach roimh an seoladh agus chuir an clúdach bándearg alltacht cheart uirthi. Ní raibh aon leisce uirthi, áfach, a míshástacht a chur in iúl go neamhbhalbh don fhoilsitheoir ar an ócáid áirithe sin."[1]
Naisc
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |