Filíocht shiollach na Gaeilge

Thosaigh filíocht shiollach na Gaeilge (a dtugtaí Dán díreach (1200-1600) uirthi níos déanaí) i mainistreacha na hÉireann san 8ú haois. Le himeacht aimsire bhí feidhm á baint aisti ag filí gairmiúla in Éirinn agus in Albain.

Bhain na manaigh úsáid as traidisiúin dhúchasacha agus Laidine chun meadarachtaí casta a cheapadh agus chumaidís filíocht faoin dúlra agus le hómós do Dhia. Ar chúrsaí tuata is mó a bhí aird na bhfilí oilte gairmiúla dírithe. Bhí meas acu orthu féin agus meas ag daoine eile orthu mar chuid de scothaicme intleachtúil an tsaoil úd, rud a chuiridís in iúl trí fhilíocht an-saothraithe. Ní féidir, mar sin, foirmeacha agus feidhmiú na filíochta sin a scaradh ó chúrsaí sóisialta agus cultúir.

Stair cuir in eagar

Seanré na mainistreacha cuir in eagar

Eascraíonn an líne seacht siolla nó ocht siolla i bhfilíocht oilte na Gaeilge ó thraidisiún ársa Ind-Eorpach. Tagann an meascán de rím dheireadh líne, de rím inmheánach agus d’uaim ó iomainn dhéanacha Laidine, de réir mar a shaothraigh manaigh Éireannacha iad. Tá a leithéid de mhaisiú fileata le fáil ar dtús in iomainn Laidine de chuid an tríú agus an ceathrú haois. Rinne an scríbhneoir Clasaiceach Virgilius Marus Grammaticus é a theagasc, scríbhneoir a raibh eolas maith ag na hÉireannaigh ar a shaothar, agus tá rím le fáil sna hiomainn Éireannacha is luaithe. Ach bhain manaigh na hÉireann feidhm níos casta as an rím i Laidin ná mar a rinneadh ar an Mór-Roinn. Sampla de sin is ea iomann in ómós Naomh Máirtín le hOengus mac Tipraiti (d. 745):[1]

Martinus mirus more
ore laudavit Deum:
pure corde cantavit
atque laudavit eum.

(De réir a nóis mhol Máirtín iontach Dia os ard; chan sé agus mhol le croí glan É.)

Filíocht chasta Ghaeilge a fáisceadh as an nós Laidine seo agus as na meadarachtaí dúchasacha. Mar shampla de seo tá dán gearr le misinéir Éireannach i lámhscríbhinn de chuid an 9ú haois i mainistir Naomh Gall san Eilvéis (agus comhartha anseo ar rím, ar chomhshondas agus ar uaim):[1]

Daith bech buide a húaim i n-úaim
súail a uide la gréin:
fó for fuluth sa mag már
dag a dagchomhal 'na chéir.

(Is aclaí an bheach bhuí a ghabhann ó uaimh go huaimh sna bláthanna, ní suarach a turas faoin ngrian: téann sí go dána isteach sa mhá mhór, is maith an chuideachta aici sa chéir.)

Tá dánta dá leithéid á scríobh ón 8ú haois nó faoin tuairim sin amach agus grá an dúlra, grá an uaignis agus grá Dé á gcur in iúl acu. Tá sé ráite gurb iad an fhilíocht is fearr a cumadh in Éirinn lena linn.[1]

Ré níos déanaí cuir in eagar

Lean ar na filí gairmiúla ag moladh laochra, ach tharraing siad chucu na meadarachtaí nua casta a bhí ceaptha ag na manaigh.[1]

Moladh agus marbhna is mó ab ábhar don fhilíocht thuata. Tá roinnt bheag dánta pearsanta nó aoracha ann. Maítear go mb’fhéidir gurbh iarsma den phágánachas an dán molta, sa mhéid go síleadh go bhfágfadh sé rath ar phátrún an fhile. Bhí an file ina oifigeach cúirte agus agus meas ar a cheird dá réir, agus bhíodh súil aige le cúiteamh maith. Fáisceadh filí as muintireacha áirithe agus bhí pátrún áirithe ag gach file, rud nach mbacfadh air cuairt a thabhairt ar thiarnaí eile.[2]

Scríobhtaí dánta ag moladh banuaisle freisin, agus chuirfí síos ar a nginealach, a n-áilleacht, a bhféile agus a nduáilcí eile.[3]

Cuireadh oiliúint ar na filí i scoileanna mar ar fhoghlaim siad stair, litríocht agus foirmeacha a gceirde. Bhí na mic léinn rangaithe de réir céime agus mná ina measc sna céimeanna íochtaracha. Bheadh ar mhac léinn freastal ar an scoil ar feadh sé nó seacht de bhlianta.[2]

Bhain na filí feidhm as canúint liteartha a muíneadh sna scoileanna, is dócha, ón gcéad chuid den 13ú haois agus a mhair gan athrú anuas go dtí an 17ú haois, beag beann ar pé athrú a tháinig ar chaint na ndaoine. Bhí lámhleabhair ann chuige a cumadh, b’fhéidir, sa 15ú haois agus samplaí iontu de shaothair na seanmháistrí.[2]

Nuair a cumadh dán, d’aithrisfeadh reacaire é os comhair an phátrúin amach agus agus cláirseoir á thionlacan. Bhailítí dánta dá leithéid i “leabhair” agus tá roinnt acu sin ar marthain. Síleadh go raibh gá le filíocht chun clú mhuintir an phátrúin a chosaint agus a chothú.

Dá mbáidhthí an dán, a dhaoine,
gan seanchas gan seanlaoidhe,
go bráth, acht athair gach fhir,
rachaidh cách gan a chluinsin.[4]

Feidhmeanna eile cuir in eagar

D’fhéadfaí filíocht a úsáid chun aoir a imirt ar dhuine, rud a d’fhéadfadh é a lot nó a mharú. Tá sé seo luaite mar “a most extraordinary survival from an earlier and pre-Christian phase of Celtic life”.[5]

B’fhéidir filíocht a úsáid freisin chun machnamh a dhéanamh ar dhreach tíre, ceol, cion nó caill. Mar eiseamláir féach “A Chláirsioch Chnuic Í Chosgair,” dán le Gofraidh Fionn Ó Dálaigh (-1387):

A chláirsioch chnuic Í Chosgair
chuirios súan ar siorrosgaibh,
a nuallánach bhinn bhlasda,
ghrinn fhuaránach fhorasda...[6]

Filíocht nua aiceanta cuir in eagar

Bhí tréimhsí suaite i saol na hÉireann sa 17ú haois, agus de réir a chéile tháinig uasalaicme de shliocht Sasanach, daoine nach raibh suim sa dúchas acu, in áit na seanphatrún. Chaoin na filí imeacht an tseansaoil i bhfilíocht shiollach ar dtús, ach de réir a chéile d’iompaigh siad ar mheadrachtaí nua aiceanta a bhí casta go leor ach arbh fhusa máistreacht a fháil orthu.

Tá an t-athrú seo le feiceáil i saothar Dháibhí Uí Bhruadair (c.1625-1698), file a bhí beo ar feadh na haoise go léir beagnach agus a scríobhadh ar an dá bhealach.

Faoin 18ú haois bhí filíocht aiceanta i mbarr a réime in Éirinn. In Albain mhair dán díreach níos faide, ach ba ghearr gur tháinig filíocht aiceanta (i bhfoirm amhrán) chun tosaigh, leithéid na n-amhrán a chum Màiri nighean Alasdair Ruaidh (c.1615–c.1707).

Dán díreach cuir in eagar

Cumadh dán díreach mar cheathrúna. Cumadh an chuid is mó den fhilíocht shiollach i meadarachtaí mar seo:

  • Méid áirithe siollaí (seacht gcinn de ghnáth) i ngach rann,
  • Rím nó comhshondas san fhocal deireanach de gach rann nó leathrann.

Tá uimhir áirithe de shiollaí aiceanta i ngach líne, ceithre cinn de ghnáth. Déanann sos dhá leath den líne, agus críochnaíonn leathlínte le déshiollaí. Déanann cuid de na siollaí aiceanta i ngach líne uaim, cé go bhfuil an-éagsúlacht ag baint le dáileadh na huama.[7]

Rím cuir in eagar

Déantar rím idir ghrúpaí de chonsain dhifriúla.[8] Is féidir iad a roinnt mar a leanas:

1. Grúpa “b”: déanann b, g agus d rím le chéile (e.g. gad agus lag | foda agus coda| géag agus séad | leanab agus sealad).

2. Grúpa “c”: déanann c, p agus t rím le chéile (e.g. cnoc agus sop | maca agus slata).

3. Grúpa “ch”: déanann ch, ph agus th rím le chéile (e.g. sgeach agus cleath | Life agus ithe | eich agus beith).

4. Grúpa “bh”: déanann bh, gh, dh, l, mh, n agus r rím le chéile (e.g. neamh agus feadh | taraidh agus adhaigh | ionadh agus iodhan | teagh agus treabh | eibhe agus meile).

5. Grúpa “ll”: déanann ll, m(m), ng, nn agus rr rím le chéile (e.g. mall agus barr agus crann agus am | long agus fonn agus corr | druim agus tuill | cluineam agus fuigheall).

6. Grúpa “s”: déanann s rím leis féin amháin.

Eiseamláir (Deibhidhe) cuir in eagar

deibhidhe ar na meadarachtaí is coitianta agus í scríofa ina ranna le seacht siolla i ngach líne. Tá comhdhéanamh na meadrachta mar a leanas:[8]

• Caithfidh an focal deireanach de línte 1 agus 3 rím a dhéanamh leis an siolla deireanach neamhaiceanta de línte 2 agus 4 (patrún a dtugtar rinn agus airdrinn air agus focal aiceanta i líne amháin ag déanamh ríme le focal neamhaiceanta sa líne thíos).

• Caithfidh dhá rím inmheánacha a bheith ann idir línte 3 agus 4.

• Caithfidh dhá fhocal i ngach líne uaim a dhéanamh le chéile.

• Caithfidh an focal deireanach de líne 4 uaim a dhéanamh leis an bhfocal aiceanta roimhe.

Tugtha d’Albain na sreabh seang
a cóir féin d’inis Éirinn,
críoch aimhréidh na n-eas mbanna,
suil bheas aimhréidh eatarra.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Dillon, Myles & Chadwick, Nora. The Celtic Realms. Cardinal, London, 1973: lgh 285-288.
  2. 2.0 2.1 2.2 Williams, J.E. Caerwyn & Ní Mhuiríosa, Máirín. Traidisiún Liteartha na nGael. An Clóchomhar Tta, 1979: lgh 152-162.
  3. Williams & Ní Mhuiríosa, op. cit., lgh 191-194.
  4. In Williams & Ní Mhuiríosa, op. cit.: lch 169.
  5. Nicholls, Kenneth (1981). Gaelic and Gaelicised Ireland in the Middle Ages. Gill and Macmillan: lch 82.
  6. ”A chláirsioch Chnuic Í Chosgair”: Corpus of Electronic Texts Edition, https://celt.ucc.ie/published/G402214/index.html
  7. Meyer, Kuno. A Primer of Irish Metrics with a glossary, and an appendix containing an alphabetical list of the poets of Ireland. Dublin. School of Irish Learning. Hodges, Figgis, & Co., Ltd, 1909 [1]
  8. 8.0 8.1 Knott, Eleanor. An Introduction to Irish Syllabic Poetry of the period 1200-1600, with selections, notes and glossary. Cork University Press, 1934, 1957.