Màiri nighean Alasdair Ruaidh

file Albanach

Màiri nighean Alasdair Ruaidh (Màiri NicLeòid) (c.1615 - c.1707) ar na filí Gaeilge is clúití de chuid na hAlban sa 17ú haois.[1]

Màiri nighean Alasdair Ruaidh
Saol
Eolas breithe Ròghadal, 1615
Náisiúntacht Ríocht na hAlban
Áit chónaithe Dùn Bheagan
Muile
Bás 1707
Treibh Clann MhicLeòid
Oideachas
Teangacha Gaeilge na hAlban
an Béarla
Gairm
Gairm file agus scríbhneoir
Gluaiseacht ealaíne filíocht

A BeathaCuir in Eagar

Ní fios go cinnte cár rugadh ná cár tógadh Màiri Nighean Alasdair Ruaidh, ach bhí baint aici leis na Leòdaich ar an Oileán Sgitheanach agus ar na Hearadh, agus is dócha gur chaith sí a saol sa dá áit. Deirtear uaireanta gur i Ròghadal sna Hearadh a rugadh í, ach deir daoine eile gurbh as an Oileán Sgitheanach di.[2]

Bhí Màiri ina banaltra i dteach MhicLeòid i nDùn Bheagain agus d’oil sí cúigear taoiseach Leòdach. Ní faoi na Leòdaich atá an dàn is luaithe againn uaithi, áfach, ach faoi dhuine de chlann Choinnich na Comraich ar oil Màiri é. Rinneadh an dán sin in 1646 agus níl tuairisc ar a thuilleadh d’fhilíocht Mhàiri go dtí 1671, nuair a rinne sí marbhna do Iain Garbh Ratharsaigh tar éis gur bádh é.

Deir an béaloideas gur thit Màiri agus duine de thaoisigh na Leòdach amach agus gur cuireadh í go dtí Oileán Scarbaigh, láimh le Diùraidh agus le Coire Bhreacain, mar phionós. Ní fios cén éagóir a rinne sí ach deirtear gur dócha go raibh sí ag tabhairt an iomarca molta don Ridire Tormod Bheàrnaraigh, gaol leis an taoiseach, nó gur mhíchuí leis an taoiseach go mbeadh banfhile ag cumadh dánta molta.

Ligeadh ar ais go Dún Bheagain í agus fuair sí bás ansin sa bhliain 1674.[3] Rinne duine de Chlann 'IcRuimein, píobairí MhicLeòid Dhùn Bheagain, píobaireacht chumha di. Deir an béaloideas gur cuireadh Màiri béal fúithi mar a chuireadh na Lochlannaigh cailleacha feasa. Insítear an scéal céanna ar Oileán Mhuile faoin mbanfhile Mairearaid nighean Lachlainn.

FilíochtCuir in Eagar

I measc na ndánta is iomráití a chum Màiri tá na cinn a leanas:

  • An Crònan
  • An Tuireadh
  • Ri Fuaim an Taibh
  • Luinneag MhicLeòid
  • Cumha do Shir Tormod
  • Marbhrann do Shir Tormod
  • An Talla am bu ghnàth le MacLeòid
  • Marbhrann do Fhear na Comraich
  • Marbhrann do Iain Garbh

Seo cuid de Mharbhrann do Shir Tormod:

Dh'fhalbh mo shòlas:
marbh mo Leòdach
calma cròdha
meanmach ròghlic;
dhearbh mo sgeòil-sa
seanchas eòlais
gun chearb foghlaim:
dealbhach ròghlan t-èagasg.[4]

Le léamhCuir in Eagar

  • Ruairidh MacThòmais. An Introduction to Gaelic Poetry. Dùn Èideann, 1990.
  • Uilleam MacBhàtair. Bàrdachd Ghàidhlig. An Comunn Gaidhealach, 1976.
  • Gaelic Songs of Mary MacLeod. Scottish Gaelic Texts Society, 1982.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

NótaíCuir in Eagar